Labhair buíon d'ealaíontóirí na tíre seo le Tristan Rosenstock ar An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin scéim phíolótach um bhunioncam d'ealaíontóirí.

Nuair a fógraíodh an scéim seo bhí ríméad ar phobal ealaíne agus cuireadh fáilte roimpi ach cad iad na critéir agus na coinníollacha a bhaineann le scéim dá leithéid? Ceaptar gur uasmhéid de 2,000 duine a cheadófar ar an scéim seo agus beidh tuairim is €320 a fháil acu in aghaidh na seachtaine.

I measc na n-ealaíontóirí a roinn a dtuairimí ar an ábhar, bhí Toner Quinn, Doireann Ní Bhriain, Darach Ó Tuairisg agus Sibéal Davitt.

Sibéal Davitt

Deir Toner Quinn nach raibh ealaíontóirí na tíre ag súil leis an scéal seo agus tá sé den tuairim go gciallóidh sé go bhfanfaidh ealaíontóirí ag cruthú agus go bhfanfaidh siad in Éirinn dá réir.

Luaigh Darach go bhfuil sé ag iarraidh go mbeadh tosaíocht ag ealaíontóirí le Gaeilge mar go bhfuil ganntanas mór ann agus go gcabhródh sé le go leor fanacht ina gceantair dhúchais.

Spás cruthaitheach a bheadh mar thoradh ar a leithéid a deir an rinceoir Sibéal Davitt le go mbeadh sise agus daoine cosúil léi díriú go hiomlán ar a gceird, seachas a bheith ag déanamh go leor rudaí seachtracha eile le cíos a íoc.

Éist leis An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an Satharn ag 10.30am