Labhair Ainle Ó Cairealláin le hÁine Ní Bhreisleáin ar Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina bhfuil ar bun aige ina halla aclaíochta, Aclaí i gCorcaigh maidir leis an meon i dtreo ban.

Luaigh Ainle go bhfuil cur chuige faoi leith ina ghiom le spás sabháilte a chothú le plé a dhéanamh ar na nithe atá ag cur isteach ar shochaí na hÉireann agus ar cheann acu sin, tá iompar agus meon i dtreo ban.

Dár ndóigh, is ábhar pearsanta é seo agus deir Ainle go bhfuil sé féin agus a fhoireann airdeallach faoi agus nach gcuirfidís brú ar éinne labhairt ar a dtaithí mura bhfuil siad ag iarraidh sin a dhéanamh.

Deir Ainle go bhfuil oscailteacht i gcroí lár imeachtaí Aclaí agus go bhfuil ceisteanna le cur maidir leis an milleán a chuirtear ar mhná maidir le hionsaithe a dhéantar orthu.

Craoltar Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine idir 3 agus 5