Labhair Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachóir ar Morning Ireland ar RTÉ Radio One faoin mbliain is fearr a bhí acu ó bhí 2008 ann ag cruthú fostaíochta i nGaeltachtaí na tíre seo.

Deir Ní Ghallachóir go bhfuil éagsúlacht leathan ann maidir leis an bhfostaíocht a cruthaíodh sna Gaeltachtaí agus gur thosaigh mórchuid na gcomhlachtaí amach le foireann de dhuine amháin nó beirt agus gur tháinig siad faoi bhláth le cabhair ón Údarás.

Anna Ní Ghallachóir

Le roinnt blianta anuas, tá tugtha faoi deara ag an Údarás go bhfuil níos mó daoine, ach go háirithe daoine óga ag iarraidh bogadh chuig ceantair Ghaeltachta mar go bhfuil an deis anois ann a bheith ag cianobair iontu.

Mar a labhair Anna Ní Ghallachóir ar Admhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Éist le Morning Ireland ón Luan go hAoine idir 7 agus 9am ar RTÉ Radio One