Cuirfear tús leis an tsraith nua Cuan an Cheoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin 20 Eanáir ag 7 pm.

Sraith deich gclár a bheidh anseo, léiriú de chuid Stiúideo Cuan, agus is é Liam Ó Maonlaí a bheidh i gcathaoir an láithreora agus aoi cheoltóirí ina chuideachta gach seachtain.

Deir Liam gur 'comhrá ceolmhar' a bheidh le cloisteáil ag éisteoirí na sraithe, na ceoltóirí agus an láithreoir ar a gcompord. Beidh atmaisféar teolaí, pearsanta, machnamhach sna cláracha, agus beidh Liam i mbun comhcheoil leis na haíonna freisin de réir mar a oireann, agus beidh roinnt tob-chumadóireacht le cloisteáil againn, leis.Beidh deichniúr ceoltóirí aitheanta ó cheann ceann na tíre páirteach sa tsraith seo a thabharfaidh ardán do cheol nua, agus do smaointeoireacht nua, agus gheobhaidh na héisteoirí léargas ar na rannpháirtithe agus ar an gcur chuige atá acu ó thaobh an cheoil de.

Liam Ó Maonlaí

Is iad Síle Denvir agus Barry Kerr na haíonna a bheas le cloisteáil sa chéad chlár. As Conamara do Shíle, ball den ghrúpa Líadan, agus tá an domhan siúlta aici leis an ngrúpa sin agus le The Chieftains freisin.Ina teannta ar an gclár beidh Barry Kerr, ceoltóir, cumadóir agus péintéir as Ard Mhacha ó dhúchas ach cónaí air anois i gConamara. Ar na ceoltóirí eile a bheas páirteach sa tsraith, beidh Colm Mac Con Iomaire, Mairéad Ní Mhaonaigh & Nia Byrne, Peadar Ó Riada & Mick O’Brien, Mary Bergin & Conor Connolly, Johnny Óg Connolly & Liam O’Connor, Róisín Chambers & Maitiú Ó Casaide, Méabh Ní Bheaglaoich & Niamh Varian-Barry,Rónán Ó Snodaigh & Myles O’Reilly, agus Caoimhe & Séamus Ó Flatharta.

Beidh físeáin den chlár le feiceáil ar líne gach seachtain.

Tá an tsraith Cuan an Cheoil maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann leis an Táille Ceadúnais Teilifíse.

Craolfar Cuan an Cheoil gach Déardaoin ó 7 pm go 8.30 pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ag tosú ar 20 Eanáir. Is féidir breis eolais a fháil, nó éisteacht leis na cláracha, ag www.rte.ie/rnag