Labhair Margaret-Anne Ní Fhearraigh, Cóitseálaí Saoil, ar an gclár Adhmhaidin faoi strus agus an phaindéim agus an tslí is fearr le dul i ngleic le strus.

Deir an cóitsealaí saoil go bhfuil ardú 50% tagtha ar an éileamh ar a cuid seirbhisí agus ar an strus atá daoine ag braistint. Bhí go leor daltaí scoile a lorg cabhair mar gheall ar an éiginnteacht a bhain leis an Ardteist agus a raibh romhaibh.

Deir Margaret-Anne go bhfuil comharthaí ann go bhfuil cabhair de dhíth nuair a bhíonn fadhb codlata ag daoine, mar shampla. Ní fiú dul ar aghaidh ag séanadh go bhfuil strus orainn, a deir Margaret-Anne agus molann sí labhairt le duine faoin bhfadhb le dul i ngleic leis.

Éist le Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9