Ag tosú Déardaoin, 13 Eanáir ar TG4 ag 8.30pm, tabharfar léargas ar chlubanna áitiúla CLG timpeall na hÉireann agus na pobail a chothaíonn iad i gclár nua, Croí an Chlub.

Is iad cumainn áitiúla Chumann Lúthchleas Gael cuisle an phobail fud fad na hÉireann. Is iad na pobail CLG sin ábhar na sraithe Croí an Chlub, iad ag léiriú mórtas as a gceantar agus a ndúiche féin. Le linn na bliana 2021, lean muid na daoine atá ag filleadh ar an imirt le cheithre chlub CLG timpeall na tíre chun léargas a thabhairt ar na pobail, ar na carachtair, ar na teaghlaigh agus ar na heachtraí a thit amach. Beidh ceithre chumann páirteach sa tsraith – Naomh Muire i nDún na nGall, Cumann Mícheál Breathnach i nGaillimh, Cumann an Chloigthí i mBaile Átha Cliath agus Naomh Abán i gCorcaigh.

Sa gcéad chlár sa tsraith nua seo, filleann bainisteoir Mícheál Breathnach, Cárthach, ar an mbaile den chéad uair le fada. Cuireann foirne sinsir Naomh Abán tús leis an traenáil ach tá craobh ón séasúr seo caite le himirt acu sula dtugann siad faoin séasúr nua. Tá gliondar ar pháistí Chluain Dolcáin agus iad ag filleadh ar an traenáil agus tá na cluichí idirchontae ar ais agus Róisín Nic Ruairí as Naomh Muire lárnach ar fhoireann Dhún na nGall.

Sa dara clár, tá an séasúr faoi lán seoil dár gclubanna agus iad ar fad ag iarraidh tús láidir a bheith acu. Tá a gcéad choimhlint cheart ag iománaithe Mícheál Breathnach, filleann Róisín Nic Ruairí ar a club féin Naomh Muire ach ní féidir léi imirt leo go fóill! Tá Naomh Abán i gcluiche leathcheannais an tséasúir seo caite agus tá drochscéala faighte ag mná na camógaíochta i gCluain Dolcáin.

Sa tríú eagrán, tá tús curtha le cluichí Naomh Muire ach tá a réalta idirchontae Róisín go fóill ag imirt don chontae. Tá Croía ar bhóthar a leasa agus í dóchasach go mbeidh sí ar ais ag imirt go luath do Chumann an Chloigthí. Tá iománaithe Mícheál Breathnach ag iarraidh an chéad ghlúin eile d'imreoirí a spreagadh agus tá lá chluiche craoibhe faoi 21 Naomh Abán tagtha ar deireadh.

I gclár 4, cuirtear tús leis an gCraobh Camógaíochta i gCluain Dolcáin, tá Róisín ag ullmhú le foireann Dhún na nGall agus an chraobh idirchontae ag tosú, tá Cárthach ag tráchtaireacht ar an teilifís den chéad uair agus thíos i gCorcaigh, níl a bheith ag teacht chugat féin tar éis gortú ró-dhona nuair atá linn snámha chomh gar do bhaile is atá ag Seán Ó hUallacháin ó Naomh Abán!

Sa gcúigiú clár, is léir go bhfuil an paróiste thar a bheith mórtasach as iománaithe Mícheál Breathnach a bhfuil cluiche le himirt ag baile acu, seasann Dún na nGall go láidir in aghaidh na seaimpíní i gcraobh peile na mban agus tá Naomh Abán ag imirt sa chluiche ceannais idirmheánach agus iad sa tóir ar a dtríú corn go dtí seo i mbliana!

I gclár 6, tá Róisín ar ais ag imirt dá club Naomh Muire, ar deireadh, agus tá cluiche cinniúnach ag iománaithe Mícheál Breathnach i gcraobh na sóisear. Gach seans go bhfuil muid ag druidim i dtreo dheireadh na bliana ach tá neart fós idir lámha ag Seanachán agus Ciara i Naomh Abán agus an éireoidh le Cumann an Chloigthí áit a bhaint amach sna babhtaí deiridh sa chraobh?

I gclár deiridh na sraithe, tá Seán Ó Riordáin, duine de réaltaí óga Naomh Abán, ar bhóthar a leasa anois agus é ag díriú ar an bpeil ollscoile. Tá seans ag Naomh Muire áit a bhaint amach i ngrád na sinsear ach an mbeidh an captaen Róisín leo? Is é seo an deis deiridh atá ag iománaithe na mBreathnaigh cluiche agus corn a bhaint in 2021 agus tá mná Chluain Dolcáin ar ais i gCraobh an Chontae agus iad ag iarraidh an bua a thabhairt leo don dara bliain as a chéile!

Croí an Chlub ag tosú 13 Eanáir ar TG4 ag 8.30pm