Labhair muid le láithreoir an chláir nua An Cósta Thiar, Áine Ní Bhreisleáin faoina haistear timpeall na hÉireann agus na seoid a d'aimsigh sí.

Cad a spreag tú le tabhairt faoin tsraith nua seo, An Cósta Thiar?

An chéad rud a spreag mé le tabhairt faoin tsraith nó an tsuim atá agam le fada san fharraige agus saol an chósta, dúlra agus nádúr na farraige – rinne mé mo thráchtas ollscoile ar Fhoclóir na Farraige, mar gur tógadh mé in aice na farraige i nGaoth Dobhair. Tá dúil agam a bheith ag siúl ar an trá agus ag snámh nó amuigh ar na hoileáin agus is dócha gur spreag sin mo ghrá don chósta ó aois óg. An dara rud a mheall mé ná gur deis a bhí an oibriú le cairde de mo chuid Edel Ní Churraoin agus Feilimí O'Connor a bhfuil craic mhilteanach iontu agus a bhfuil aithne níos fearr curtha agam orthu anois, bhí an tseans agamcuairt a thabairt ar áiteacha áille thart ar an tír, ag am nuair nach raibh muid in ann mórán eile a dhéanamh!

An bhfuil aon áit faoi leith a chur iontas ort agus tú ar an mbóthar?

Thit mé i ngrá le hInis Oírr, bhí an t-ádh orainn 5 lá a chaitheamh ansin i mí Lúnasa, le Cathal Ó Cuaig agus a dheirfiúr Áine agus bhí aimsir bhreá againn, ag siúl thart ó áit go háit nó ag fáil síobanna. Mhothaigh mé go raibh muid mar pháirt den phobal mar gur chónaigh muid i dteach ar an oileán, agus bhí deis againn saol Inis Oírr le linn séasúr na turasóireachta a bhlaiseadh- bhí mé ag snámh, ag iomradh i gcurrach trathnóna amháin, chuaigh muid ag tine chnámh ar an trá – bhí sé speisialta agus beidh mé ag pilleadh ann gan amhras.

Chaithfinn moladh ar leith a thabhairt d’Uíbh Ráthach i gCiarraí- cha raibh mórán cur amach agam air an cheantar sin ach i ndiaidh seal a chaitheamh ag Aillte Chiarraí, amuig ar an Sceilg, ar Oileán Dairbhre agus thíos sa Ghleann, mheall fiántas agus áilleacht na háite mé go mór – seod ceart.

An Cósta Thiar, ag tosú ar 12 Eanáir ar TG4

Tá go leor ar siúl agat le linn na sraithe seo, ón iascaireacht go bádóireacht ar chineálacha éagsúla, an bhfuil aon chaitheamh aimsire nua pioctha suas agat?

Bainim triail as achan sórt sa tsraith seo- agus níl mé iontach maith ag an mhórchuid acu (spoiler alert!) – seoltóireacht, céaslóireacht ar chlár, ag iomradh agus ag iascaireacht ach bhí dúil mhór agam san snorcláil -chuaigh mé féin agus Gráinne Ní Áilín ag snorcláil i mBá na Scealg, in aice leis an Chaisleáin ann. Chonaic muid an oiread dúlra faoin uisce- an chéad uair domh a léitheid a thriail agus bhí sé furast go leor, nuair a chuaigh mé i dtaithí ar an análú! Tá domhan iomlán eile ann méadar faoin uisce agus oiread le feiceáil in aice an chladaigh. Cheannaigh mé péire lapaí snámha agus snorcal mé féin ansin ach char bhain mé úsáid astu go fóill!

An dóigh leat go bhfuil muintir na hÉireann ar an eolas faoina bhfuil ar leac an dorais acu?

Tá agus níl, sílim go bhfuil na háiteacha iomráiteacha ar ár gcósta ar eolas ag go leor againn – Sceilg Mhichíl mar shampla nó Sliabh Liag, ach tá seoda beaga i bhfolach thart ar achan choirneál ar an Chósta thiar. Glacann sé rud beag ama imeacht ón phríomh bhealach agus na háiteacha seo a chuartú , ach is fiú a dhéanamh. Tránna rúnda, oileáin bheaga, láithreacha ársa staire agus tearmainn don dúlra- ta sin uilig thart ar ár gcósta ach rud beag tochailte a dhéanamh . Mholfainn do dhaoine labhairt le muintir na háite agus ceist a chuir orthusan faoi na rudaí a ba cheart a fheiceáil agus tú ar saoire – bíonn eolas a bhealaigh ag na daoine sa cheantar!

Cad a d'fhoghlaim tú fút féin agus tú ar d'aistear mara?

D’fhoghlaim mé go leor fúm féin mar dhuine – go bhfuil dúil agam i gcomhrá agus comhluadar daoine agus mé i mbun mo chuid oibre – ag obair mar fhoireann agus ag baint sult as an chraic foirne ar an bhóthar ach fosta bhain mé sult as na huaireanta tiomána liom féinar an bhealach le bheith ag smaoitiú faoin tsaol agus ag éisteacht le podchraoltaí ! Tá a fhios agam go ndéanfaidh mé rud ar bith (choir a bheith dúshlán ar bith !) do dhaoine a bhfuil muinín agam astu- mar a bhí agam as an chriú ar fad a d’oibir mé leo i rith a tsamhraidh agus fosta go gcuirfidh mé mo chroí i dtogra a bhfuil suim agus sasamh le fáil as. Ba mhaith liom go mór tabhairt faoi aistear eile arís, bhí mo chroí lán le linn míonna an taifeadtha.

Tosaíonn An Cósta Thiar ar TG4 Dé Céadaoin, 12 Eanáir ag 8.30pm