Mar chuid de cheiliúradh ar Nollaig na mBan, tá sraith cainteanna ar ábhair éagsúla a bhaineann le mná eisithe go speisialta. Ar cheann amháin acu, tá an chéad TedTalk i nGaeilge le láithreoir Nationwide, Bláthnaid Ní Chofaigh.

Labhrann Bláthnaid óna croí amach sa chaint cheannródaíoch seo mar gheall ar an bpribhléid a bhaineann le bheith ina Gael chomh maith leis na ceisteanna aisteacha a fhaigheann sí mar gheall ar úsáid na teanga.