Labhair muid leis an gcraoltóir Jó Ní Chéide atá lonnaithe i nGaillimh faoin mbliain a bhí aici agus na pleananna atá beartaithe don bhliain nua.

An bhfuil buaicphointe craoltóireachta agatsa a sheasann amach ón mbliain atá caite?

Bhí mise chomh sásta a bheith in ann a dhul ag obair i RTÉ Raidió na Gaeltachta le linn na géarchéime seo, rud nár éirigh le go leor a dhéanamh ar fud na tíre seo le linn na dianghlasála. Chuile Dé Luain bím ag láithriú mo chlár An Bóthar go Nashville ar RnaG agus bíonn go leor daoine ó chuile chearn den domhan i dteagmháil liom -rud a thugann árdú croí domsa. Tá'n ceol chomh tábhachtach agus nuair a fhaighim aiseolais ó éisteoirí an stáisiúin, bímse ar bís- sin an buaicphointe. Bhí mé chomh sásta deis a fháil sé chlár déag de Viva Ceol Tíre a láithriú do TG4 freisin.

Jó Ní Chéide

Mar dhuine mór ceoil, an bhfuil albam faoi leith a choinnigh comhluadar leat le bliain anuas?

Tá suim ollmhór agam sa gceol agus is breá liom chuile chineál agus chuile seánra. Bhí mé ag faire ar albam nua Alan Jackson i mbliana mar nach raibh albam eisithe aige le sé bliana. Thug sé amach 'Where Have You Gone?’ sa mBealtaine agus tá mé ag éisteacht leis chuile lá ó shin. Tá cúig amhrán déag a scríobh Alan ar an albam seo. An ceann is ansa liom ‘Where Her Heart Has Always Been’ a scríobh sé nuair a bhásaigh a mhama. Bhí na deora liom nuair a chuala mé an t-amhrán sin ar dtús mar tá liricí fíor chumhachtach san amhrán. Is fiú éisteacht leis.

Cad leis a bhfuil tú ag súil ón mbliain atá romhainn?

Tá mo dheirfiúr Ashleen ar dualgas sa Liobáin faoi láthair. Is Ceannaire Airm í. Tá muid an-mhór le chéile agus is fada liom go bhfeice mé ar ais sa mbaile í sa Meitheamh le cúnamh Dé. Tá súil agam filleadh ar an Ollscoil freisin má éiríonn liom. Is breá liom an Samhradh agus am a chaitheamh le mo fhear Stiofán agus na gasúir ag seoltóireacht agus amuigh faoin aer. Ba mhaith liom dul thar lear le mo chlann má bhíonn an saol saor ó Chovid i 2022.