Labhair muid le Sláine Ní Chathalláin linn faoin mbliain a bhí aici i mbliana agus a bhfuil roimpi sa bhliain nua i gCorca Dhuibhne.

An bhfuil buaicphointe craoltóireachta agatsa ón mbliain atá caite?

Toisc go bhfuil sé fós i m'aigne, thaitin sé liom a bheith ar Nuacht an Deiscirt le linn Stoirm Barra. Bhí an chumhacht aibhléise imithe orainn nach mór 3 lá, agus níorbh aon eisceacht RnaG ó thaobh an t-idirlín, a bhí imithe ar fud Chorca Dhuibhne chomh maith. Bhí an pobal ag braith go mór ar sheirbhís nuachta RnaG le linn na stoirme, chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin stoirm, cúrsaí aibhléise agus idirlín agus clúdach gutháin, a bhí imithe orainn chomh maith!

Mar dhuine atá sáite sa cheol, an bhfuil amhrán Nollag faoi leith a thaitníonn leatsa?

Is breá liom leagan Eilín Ní Chearna do Coinnle na nAingeal. Is breá liom chomh maith Coinnle an Linbh Íosa le Caoimhín Ó Cinnéide ó Pharóiste Múrach. Cuireann siad m'óige i gcuimhne dom, ag canadh sa chór i Sáipéal na Carraige leis an scoil Oíche Nollag. Bhíodh an sáipéal lán go barra do choinnle. Is cuimhin liom aon bhliain amháin, ní raibh na gutháin phóca ar an saol i bhfad, nuair a thosnaigh ceann ag glaoch sa tsáipéal. Bhí muintir na háíte ag cogarnaíl is ag tabhairt amach faoina nguth, ach cé a bhí ann, ach Saintí, agus é tar éis glaoch ar an sagart, chun a rá leis a fhógairt ón altóir, go gcaithfeadh leanaí na dúichí dul a chodladh luath an oíche sin, mar go raibh sé ar a shlí!

Sláine Ní Chathalláin

Cad iad na traidisiúin is mó atá gar do do chroí timpeall na Nollag?

Ní haon duine mé go bhfuil traidisiúin mar sin agam. Caithfidh mé tosnú ar mo chinn féin. Le blianta, deinim Snámh na Nollag i mBaile na nGall ar Lá Nollag agus bíonn fuiscí te ag muintir na háite ar fad le chéile ina dhiaidh, lasmuigh de Thig TP. Bhíodh langa againn i gcónaí agus mé beag, le anlann bán agus oiniúin, ach tá deireadh leis sin anois, mar n'fheadar i ndáiríre, an dtaitníodh sé le héinne riamh!

Cad leis a bhfuil tú ag súil san athbhliain?

Ana chuid Éireann siúil agus snámh agus a bheith amuigh faoin aer le mo mhadra, gan éinne ag cur isteach ná amach orainn!