Labhair Diarmuid Ó Beaglaoi le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi chás a máthar a cuireadh go Cill Áirne mar nach bhfuil leaba ar fáil di in ospidéal Chorca Dhuibhne.
Dúirt Diarmuid go raibh 'rud éigin mícheart' sa chóras sláinte nuair narbh fhéidir lena mháthair, Máire fanacht sa Daingean a thuilleadh agus raibh uirthi bogadh go Cill Áirne. Tá Máire sé bliana déag agus ceithre scór bliain d'aois agus dúirt sé go raibh an fhoireann in ospidéal an Daingin chomh suaite lena clann féin agus í ag imeacht amach an doras.
Deir an INMO go bhfuil faillí á dhéanamh toisc nach bhfuil dóthain fóirne in Ospidéal Pobail Chorca Dhuibhne. Inniu bhí Seán Mac an tSíthigh le cois mhuintir Bheaglaíoch agus a máthair á h-aistriú 70 míle ó bhaile acu. pic.twitter.com/XHbw7kbOf6
— NuachtTG4 (@NuachtTG4) December 6, 2021
Ag déanamh cur síos ar an lá a bhí ag Diarmuid inné agus a máthair á bhogadh ón Daingean go dtí Cill Áirne, dúirt sé gur bhris a chroí. Chinn Diarmuid dul agus labhairt leis an iriseoir nuachta, Seán Mac an tSíthigh mar gheall ar an scéal mar go bhfuil sé ag iarraidh seasamh a thógaint go poiblí anois. Deir Diarmuid go bhfuil sé ag labhairt ar son a mháthair féin agus chomh maith le sin, ar son mhuintir Chorca Dhuibhne ar fad mar nár mhaith leis go dtarlódh seo do dhaoine eile.
Dúradh le Diarmuid agus a theaghlach go mbeidh deis ag a máthair filleadh ar an ospidéal ach nach bhfuil fhios acu cathain a tharlóidh sin. Tá Diarmuid anois ag tosú ar a fheachtas féin chun na hothair a choimhead sa Daingean. Nuair a bhí sí in ospidéal Chorca Dhuibhne 'i dteannta a cuid féin', ag labhairt a teanga féin agus an cleachtadh i measc a cairde. Anois, tá sí i gCill Áirne léi féin, gan aithne aici ar éinne.
Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08 agus 1.00