Dé Céadaoin 15ú Nollaig @ 9:30pm ar TG4

Clár faisnéise faoi shaighdiúir as an Nua-Shéalainn a dhúnmharaigh bean as Éirinn san Astráil i 1924

Comhalta de chuid Rannán H míchlúiteach na bPóilíní Cúnta a bhí in Hori Morse, rannán a chuir Trá Lí faoi léigear le linn Chogadh na Saoirse. Chuirtear imeachtaí barrthábhachtacha a thit amach i gContae Chiarraí le linn Chogadh na Saoirse i láthair sa chár faisnéise trí dhearcadh duine de bhithiúnaigh an chogaidh. Bhí an ghráin dhearg ag daoine ar na Póilíní Cunta agus ba mhór an eagla a bhí rompu chomh maith, Dúchrónaigh an 'fhir uasail', a rinne slad le linn na tréimhse gairide ach marfaí a chaitheadar in Éirinn. Ní raibh caint ar bith ag an am ar armchúirteanna, binsí maidir le coireanna cogaidh, ná faoi choimisiúin fírinne agus athmhuintearais. Fad a bhí sé ar saoire, thosaigh Morse caidreamh le Hilda Hunter a raibh cónaí uirthi i gCúl Raithin lena fear céile agus a dtriúr clainne.

Hori Morse

Nuair a d’éirí as an RIC d'éalaigh sé féin agus Hilda Hunter le chéile chuig an Astráil, d’fhág Hilda a triúr leanaí agus a fear céile ina diaidh in Éirinn, agus thug sí faoi shaol ag obair ar chamchuairt bearrtha caorach. Agus iad ar an taobh eile den domhan tharraing an t-iarPhóilín Cúnta sin a ghunnán seirbhíse as a phóca, mharaigh sé a ghrá geal agus cuireadh os comhair na cúirte é as a dúnmharú. I gcúinsí fíordhrámatúil ar fad d’úsáid Hori an gunnán Smith and Wesson céanna a d’úsáid sé in aghaidh an IRA fad is a bhí sé in Éirinn chun Hilda a mharú agus tháinig an scéal dochreidte ar fad amach i seomra cúirte in Adelaide.

Ó tharla nár tugadh aon imeachtaí dlí in aghaidh aon chomhalta de chuid na bPóilíní Cúnta, dream a raibh an ghráin dhearg orthu, b’ionann triail Hori Morse agus an t-aon fóram dlí a tugadh faoi riamh chun an cineál duine a bheadh mar chuid den mheaisín maraithe ba mhó a raibh eagla roimhe le linn ré réabhlóide na hÉireann a fhiosrú, cás a bhí ar siúl fad a bhí deireadh ag teacht le hImpireacht na Breataine.

Dé Céadaoin 15ú Nollaig @ 9:30pm ar TG4