Liosta le háireamh é an liosta scannán atá roghnaithe do thréimhse na Nollag ag TG4 dúinn i mbliana. Seo na cinn a d'oirfeadh do dhaoine fásta!

Scent of a Woman, 18 Nollaig @ 9:30pm

Is iad Al Pacino, Chris O'Donnell agus Phillip Seymour Hoffman na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Martin Brest. Ní bhíonn mac léinn a thugann lámh chúnta d'fhear dall ar mhaithe le cúpla pingin a shaothrú i bhfad ag fáil amach nach mar a shíltear a bítear.

Pulp Fiction, 20 Nollaig @ 9:30pm

Is iad John Travolta, Uma Thurman agus Samuel L. Jackson na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Quentin Tarantino. Scéal lán d'fhoréigin agus de shlánú ina fhitear saol bheirt bhall den Maifia, dornálaí, drongadóir agus a bhean, agus beirt mheirleachas.

Notting Hill, Oíche Nollag @ 9:20pm

Is iad Julia Roberts, Hugh Grant agus Richard McCabe na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Roger Michell. Athraíonn an saol ó bhonn d'úinéir siopa leabhar nuair a chastar an t-aisteoir is aitheanta ar domhan air.

Sing Street, Lá Nollag @ 11:15pm

Is iad Ferdia Walsh-Peelo, Aidan Gillen agus Maria Doyle Kennedy na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir John Carney. Tá Conor, atá cheithre bliana déag, ar a dhícheall Raphina a mhealladh lena chuid ceoil bhinn agus socraíonn sé banna a bhunú le cúpla leaid eile i mBaile Átha Cliath na 1980idí.

Cate Blanchett as Veronica Guerin

O Brother Where Art Thou, Lá le Stiofáin @ 10:35pm

Is iad George Clooney, John Turturro agus Tim Blake Nelson na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir na ndeartháireacha Joel agus Ethan Coen. Téann triúr atá éalaithe as an bpríosún ar thóir taisce agus na póilíní ina ndiaidh.

Bridesmaids 27 Nollaig @ 9:20pm

Is iad Kristen Wiig, Maya Rudolph agus Rose Byrne na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Paul Feig. Bíonn an-iomaíocht idir beirt chailíní choimhdeachta agus iad ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar a chéile roimh lá na bainise. Ach tá baol ann go gcuirfidh a gcuid seafóide ar fad an saol bunoscionn ar dhuine de na mná, nach bhfuil ag éirí rómhaith léi mar atá.

La Bamba 28 Nollaig @ 10:40pm

Is iad Lou Diamond Phillips, Esai Morales agus Rosanna DeSoto na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Luis Valdez. Scéal an amhránaí rac is ról Ritchie Valens, a thuil cáil go luath ina shaol. Ní raibh Valens ach seacht mbliana déag nuair a bhásaigh sé i dtimpiste eitleáin le Buddy Holly agus The Big Bopper.

Withnail & I 29 Nollaig @ 00:45am

Is iad Richard E. Grant, Paul McGann agus Richard Griffiths na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Bruce Robinson. Téann beirt aisteoirí dífhostaithe, a bhfuil an-tóir ar dhrugaí acu, ar saoire chun na tuaithe, saoire thubaisteach is cosúil.The Karate Kid 30 Nollaig @ 4:40pm(1984, Aicsean) Is iad Ralph Macchio, Pat Morita agus Elisabeth Shue na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir John G. Avildsen. Tugann máistir san ealaín chomhraic ceachtanna cearáité do dhéagóir, a bhfuil bulaíocht á déanamh air.

Good Morning, Vietnam 30 Nollaig @ 10:20pm

Is iad Robin Williams, Forest Whitaker agus Tom. T. Tan na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Barry Levinson. Cuirtear Adrian Cronauer, dioscmharcach neamhghnách, go Vítneam i 1965 le dul i mbun oibre i stáisiún raidió Arm Mheiriceá.

Veronica Guerin Oíche Chinn Bliana @ 9:30pm

Is iad Cate Blanchett, Colin Farrell agus Brenda Fricker na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Joel Schumacher. Scéal Veronica Guerin, an t-iriseoir Éireannach, a chuir a saol féin i mbaol chun aird an domhain a tharraingt ar mhangairí drugaí na tíre sna 90idí.

Moulin Rouge 2 Eanáir @ 11:10pm

Is iad Nicole Kidman, Ewan McGregor agus John Leguizamo na príomhaisteoirí sa gceoldráma seo faoi stiúir Baz Luhrman. (2001, Scannán Ceoil) Is iad Nicole Kidman, Ewan McGregor agus John Leguizamo na príomhaisteoirí sa gceoldráma seo faoi stiúir Baz Luhrman. Titeann file Boihéamach atá beo bocht i bPáras san 1890idí i ngrá le príomhréalta an Moulin Rouge, ach nach bhfuil sí geallta le diúc saibhir.

Calendar Girls 3 Eanáir @ 9:15pm

Is iad Helen Mirren, Julie Walters agus Penelope Wilton na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Nigel Cole. Teann grúpa ban i mbun tiomsaithe airgid d'ospidéal áitiúil. Socraíonn na mná féilire a sheoladh ina mbeidh a bpictiúir féin le feiceáil ann agus iad lomnocht, rud a tharraingíonn aird na meáin.