Underdogs, 11 Nollaig ar TG4 ag 7.15pm

Tá an-bhród ar TG4 a fhógairt go mbeidh na Underdogs ag tabhairt aghaidh ar an bhfoireann Peile Ban is fearr sa tír ag deireadh na sraithe; rachaidh siad chun páirce i gcoinne churaidh reatha Shinsir na hÉireann TG4, foireann nach raibh mórán súil ann go dtabharfaidís leo an corn, An Mhí.

Beidh an cluiche ar siúl ar thailte chlub Dhomhnach Mór-Chill Dhéagláin i gContae na Mí Dé Sathairn an 11 Nollaig 2021.

Cuirfear tús leis an gcluiche, a bhfuil daoine ag súil go mór leis, ag 1.30pm agus craolfar craoladh iarchurtha ar Peil na mBan Beo ar TG4 ag 7.15pm an tráthnóna céanna.

Grúpa ar leith iad na himreoirí atá ar fhoireann na Underdogs, iad ar fad ó chlubanna LGFA as gach cearn den tír. Níor imir na peileadóirí seo ag leibhéal sóisir, idirmheánach nó sinsir idirchontae riamh roimhe seo.

Tá na himreoirí feicthe againn i mbun trialacha agus traenála le cúpla seachtain anuas agus tá a gcuid scéalta féin inste acu dúinn ar an tsraith Underdogs ar TG4. Tá 6 mhí caite acu i mbun ullmhúcháin agus diantraenála agus anois tá siad réidh le haghaidh a thabhairt ar churaidh Shinsir na hÉireann TG4, An Mhí.

Beidh na Underdogs ag freastal ar a gcampa traenála deiridh anocht ag Teach agus Gairdíní Thobar Scoilbín, i gContae Loch Garman, áit a bhfaighidh siad amach cé air a thabharfaidh siad aghaidh ar an oíche mhór.

Underdogs, TG4 11 Nollaig ag 7.15pm