Dé Luain, 6 Nollaig ag 11am ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Tá sé 25 bliain anois ó craoladh an tsraith dheireanach de CU Burn ar TG4, agus cé gur iomaí sin clár a craoladh idir an dá linn níor ligeadh CU Burn i ndearmad riamh. Bhí CU Burn bunaithe ar an chleasaíocht a bhíodh ar siúl ag Charlie Burn (Aodh Óg Ó Duibheannaigh) adhlacóir a bhí toilteanach rud ar bith a dhéanamh le punta a shaothrú, agus a dheartháir Vincie (Seán Beag Mac Fhionnghaile).

Bhí lucht leanta dílis riamh ag an chlár, agus is minic a chluinfeá i nGaeltacht Thír Chonaill 'gur trua nach bhfuil na cláracha anois chomh maith le CU Burn'.Sa chlár seo, théid Dónall Mac Ruairí sa tóir orthu siúd a bhí lárnach sa tsraith, ina measc Seán Ó Maolagáin (Pádraig), Máiread Ní Ghallchóir (Mairéad), Aodh Óg Ó Duibheannaigh (Charlie), agus Niall Mac Eamharcaigh (cruthaitheoir an chláir), agus pléann siad breith, agus leoga bás, CU Burn.

Is é Dónall Mac Ruairí a léirigh agus a chuirfidh an clár i láthair.

Dónall Mac Ruairí, láithreoir agus léiritheoir

It’s twenty five years since the final series of CU Burn was broadcast on TG4, and although there have been many other series since, CU Burn is still fondly remembered.The series was based on the hijinks of Charlie Burn (Aodh Óg Ó Duibheannaigh), an undertaker who would do anything to earn a few pounds, and his brother Vincie (Seán Beag Mac Fhionnghaile).

The programme had a loyal following, and you’d often hear people in Donegal to this day lament that ‘programmes are not as good now as CU Burn’.In this programme, Dónall Mac Ruairí goes to talk to some of those who were central to the series, including Seán Ó Maolagáin (Pádraig), Máiread Ní Ghallchóir (Mairéad), Aodh Óg Ó Duibheannaigh (Charlie), and Niall Mac Eamharcaigh (creator of the series), and they discuss the genesis, and indeed the demise, of CU Burn.

Presented and produced by Dónall Mac Ruairí.

Dé Luain, 6 Nollaig ag 11am ar RTÉ Raidió na Gaeltachta