Colmcille An Naomh Dána 7 Nollaig @ 21:30 ar TG4.

Gaiscíoch, file, fear cráifeach: scéal faoin saol iontach a chaith duine de naoimh is tábhachtaí na hÉireann agus na hAlban. Ag ceiliúradh Colmcille, a rugadh 1,500 bliain ó shin - 7 Nollaig 521A.D.

Craolfar clár faisnéise nua ar TG4 ar an 7 Nollaig ag 9.30pm chun naomh na hÉireann agus na hAlban a rugadh 1,500 bliain ó shin a cheiliúradh. Sa chlár faisnéise seo, tabharfar an breathnóir ó Dhún na nGall go hÍ sa tóir ar an bhfírinne laistigh de na miotais a bhaineann le mac gaisce, scabhaitéir, sáraitheoir cóipchirt, gaiscíoch agus deoraí Dhún na nGall, ach atá ar dhuine de naoimh na hÉireann a bhfuil ardmheas air mar sin féin - Colmcille.

Cé gur fearr aithne air do go leor daoine mar cholm na síochána, bhíodh sé i gcroílár cathanna fuilteacha, sular bhunaigh sé mainistir ar Í, beart a leag an bhunchloch a dhéanfadh eiseamláir na sibhialtachta den oileán sa Ré Dhorcha - deirtear go ndeachaigh sé chun catha le hOllphéist Loch Nis fiú!

Ach cérbh é Colmcille, an t-ab as Éirinn, ar a dtugtaí Naomh Columba air in Albain? Bhí cáil mhór ar a chuid gaiscí ina fhile, scríobhaí, polaiteoir, gaiscíoch agus fear cráifeach ar fud na hÉireann agus na hAlban. Fiosraítear an fear, an miotas agus a oidhreacht sa lá atá inniu ann sa chlár faisnéise nua iontach seo.Is i nGartán, gar do Loch Ghartáin i gCo. Dhún na nGall a rugadh é sa bhliain 521 A.D., agus is cosúil go leanfadh an trioblóid é. Nuair a tharla achrann idir é féin agus Finnian faoi lámhscríbhinn a chóipeáil, d'imigh sé ar deoraíocht agus bhunaigh mainistir ar Í a mbeadh cáil uirthi ina dhiaidh sin ina ionad spioradáltachta agus foghlama. Meastar Colmcille sa lá atá inniu ann a bheith ar dhuine de naoimh mhóra na hÉireann agus na hAlban agus is cúnamh tábhachtach iad na téacsanna a scríobhadh faoi chun cur leis an eolas atá againn ar an saol a bhí ann ag an am sin.

Tá athchruthú drámatúil fite fuaite le cuntais ó shaineolaithe agus muid ag fáil amach arís faoi éachtaí an naoimh neamhghéilliúil seo.

Colmcille An Naomh Dána 7 Nollaig @ 21:30 ar TG4.