Labhair Breda Hughes ar Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina teach tabháirne sa Spidéal i gConamara agus oidhreacht an cheoil ann.

D'inis Breda scéal an phub, áit a raibh cúig ghlúin ag obair ann, ag díol bia agus óil ar an Spidéal. Dúirt Breda gur mná don chuid is mó a bhí ag obair sa phub. Nuair a cailleadh máthair Bhreda, bhí ar seanmháthair Bhreda an pub a reachtáil. 'Choinnigh muid orainn', a dúirt Breda mar gheall ar an tréimhse dheacair seo.

Tigh Hughes

Bhí Breda ina cailín óg nuair a thosaigh sí ag obair sa phub, timpeall ar trí bliana déag mar go raibh a hathair caillte ag an am.

Áit mhór cheoil a bhí sa phub ó na seascaidí ar aghaidh, i measc na gceoltóirí a bhíodh ann, bhí Alec Finn, Ciarán Mac Mathúna, Johnny Connolly agus ceoltóirí áitiúla. Ba i dTigh Hughes a chas Dé Danann le chéile. Thosaigh seisiún Dé Domhnaigh Tigh Hughes mar dúirt Breda nach raibh mórán áiteanna ag an am sin le ceol Gaelach a chloisteáil.

Éist le hIris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 9.15am