Tá IMRAM 2021, Féile Litríochta na Gaeilge, ar aistear draíochta eile i mbliana, agus sár-imeachtaí cultúrtha á stáitsiú aige trí mheán na teanga sinseartha. Beidh rogha fhairsing ag ár lucht féachana arís i mbliana, idir imeachtaí beo agus ar líne, a chuimsíonn amhránaíocht, filíocht, ceol, scannáin agus cainteanna poiblí.

Arsa Stiúrthóir IMRAM, Liam Carson:

'Léiríonn IMRAM arís i mbliana an cur chuige eicléictiúil dinimiciúil ilchultúrtha atá aige i sraith léirithe beo agus ar líne. Beidh mórléamha filíochta againn, agallaimh le húdair, ceol beo agus scannáin den chéad scoth. Tá litríocht againn sa Ghaeilge atá ag freagairt don athrú saoil a fheicimid sa lá inniu, frámaithe ag tírdhreacha sonacha agus pictiúrtha a chruthaigh ceoltóirí agus físealaíontóirí den chéad ghrád, i dtreo is go mbáitear an lucht féachana i gcumhacht agus in áilleacht litríocht ár linne sa teanga shinseartha.'

Déardaoin 11 Samhain / 8.00 pm:

Áit a gCanann na hAingil: Tionscadal John Prine

Sa cheolchoirm oscailte seo i nDún Laoghaire (Pavilion Theatre) déanfaidh na ceoltóirí Liam Ó Maonlaí, Peter O’Toole agus Hilary Bow ceiliúradh ar an gcumadóir amhrán mór le rá John Prine. Is iad Art Hughes agus Gabriel Rosenstock a chuir Gaeilge gheloite ar shaothar an mháistir Mheiriceánaigh. Ócáid bheo. Teilgfidh an físealaíontóir Margaret Lonergan na liricí ar scáileán móide íomhánna éagsúla a thabharfaidh léargas dúinn ar an ábhar.

Mairéad Ní Mhaonaigh

Dé Domhnaigh 14 Samhain 12.30 p.m.

Tadhg Mac Dhonnagáin i gcomhrá le Cathal Póirtéir:

Cuireann IMRAM an scríbhneoir tréitheach, ceoltóir agus foilsitheoir Tadhg Mac Dhonnagáin i láthair agus é i gcomhrá leis an léiritheoir agus údar Cathal Póirtéir sa Pumphouse, Ionad Oidhreachta Chalafort Átha Cliath. Iniúchfar an t-úrscéal is déanaí uaidh, Madame Lazare, scéal a bhaineann le rúin teaghlaigh, cogadh agus cinedhíothú na nGiúdach.

Blas na gConnallach

Ag ceiliúradh na gConallach a bheimid sa dá scannán bhríomhara seo a taifeadadh ag seisiúin am lóin i nDrioglann Chroithlí. Coimeádaí na hócáide Cathal Póirtéir a chuirfidh an dá scannán i láthair, i gcomhar le Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath.

Dé Luain. 15 Samhain, 1.00 pm ar líne

Is é a bheidh sa chéad léiriú seo ar cheol agus éigse na gConallach ná na ceoltóirí Mairéad Ní Mhaonaigh agus Nia Ní Bheirn, fidil agus guthanna, na hamhránaithe sean-nóis Doimnic Mac Giolla Bhríde agus Máire Ní Choilm, agus na filí Máire Dinny Wren agus Colette Ní Ghallchóir.

Dé Domhnaigh, 21 Samhain / 1.00pm ar líne

Sa dara scannán seo cloisfear an file Cathal Ó Searcaigh, an ceoltóir Megan Nic Ruairí, an scéalaí Eithne Ní Ghallchóir, amhránaí traidisiúnta agus bailitheoir amhrán Brian Ó Domhnaill, chomh maith leis an bhfile agus fear amharclainne Sam Ó Fearraigh.

Dé Máirt, 16 Samhain / 8.00 pm ar líne

Glasadh/GreenGrayLockdown

File Éireannach a bhfuil cónaí air le fada i nGaeltacht na hAlban é Rody Gorman. Cloisfimid dánta as an dialann a choinnigh sé le linn dianghlasáil Covid-19 sa mhír seo ar líne. Beidh ceol agus fuaimeanna breise a chum Liam Grant á thionlacan, agus feicfear grianghraif agus íomhánna ón bhfísealaíontóir Margaret Lonergan.

Dé Céadaoin, 17 Samhain / 7.00 pm ar líne

Drithliú Aisteach: Filíocht Georg Trakl

Is é atá sa mhír seo liricí aduaine de chuid Georg Trakl a thraschruthaigh Gabriel Rosenstock i nGaeilge. Chuir Margaret Lonergan na híomhánna ar fáil agus Seán Mac Erlaine a chum an fuaimrian. Arna léiriú i gcomhar le Poetry Ireland / Éigse Éireann.

8.00 pm ar líne

CRAORAG / CRIMSON: An Irish Trakl

Tá an-áthas ar IMRAM a bheith páirteach sa chéad chraoladh ar an scannán Craorag, arna stiúradh ag Fergus Daly. Sna 1990í a scannánaíodh Craorag nuair a ghabh Gabriel Rosenstock trí shneachta na hOstaire go Salzburg agus é sa tóir ar anam Trakl.

Déardaoin, 18 Samhain / 8.00 pm

REIC i dtábhairne McGrattan's Pub, Lána Mhic Liam, BÁC 2

Is breá le IMRAM a bheith in ann REIC a thabhairt linn ar ár n-aistear ilmheán litríochta. Club fiontrach dátheangach a dhíríonn ar an bhfocal labhartha é REIC. I measc na n-aíonna anocht beidh an Duibhneach deisbhéalach Dairena Ní Chinnéide.

Déardaoin, 25 Samhain / 7.00 pm

Mórléamh Filíochta

Gealann sé ár gcroí IMRAM agus MoLI (Músaem na Litríochta) a bheith le chéile anocht le haghaidh mhórléamh filíochta le ceathrar a bhfuil a stampa féin fágtha acu ar an scríbhneoireacht in Éirinn: Áine Ní Ghlinn, an té atá ina Laureate na nÓg; Róisín Sheehy, damhsóir comhaimseartha, cóiréagrafaí agus file; Alan Titley, úrscéalaí, colúnaí, gearrscéalaí, criticeoir, file, drámadóir, fathach litríochta; Andreas Vogel, as Bochum na Gearmáine atá ag cur faoi i Leitir Mór, duine (dar leis An Timire) a bhíonn ag sciáil ar shleasán na samhlaíochta.

Tuilleadh eolais faoin bhféile anseo