Labhair Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le ceathrar éagsúla faoi na hathruithe atá á ndéanamh acu maidir le fuinneamh chun dul i ngleic le hathrú aeráide.

Lenneke Willems ag caint ar an obair atá á dhéanamh ag an gcomhlacht Firebird. In ionad fossil fuel a úsáid sa chomhlacht, tá HVO in úsáid acu atá déanta as ola plandaí. Is obair phíolótach í seo ach deir Lenneke go bhfuil ag éirí go maith leis go dtí seo. Cé go bhfaightear an HVO ó Shasana, deir Lenneke nach bhfuil an bhreatimeacht ag cur isteach orthu go fóill. Tá Lenneke den tuairim gur cheart go mbeadh an HVO cabhrach dóibh siúd retrofit a dhéanamh ar theach. Tá an HVO daor agus níl teacht air go héasca agus dá réir, níl sé ina thús.

COP26

D'inis Áine Uí Dhubhshláine do Helen mar gheall ar a carr leictreach a fuair sí anuraidh. D'éirigh léi an carr a fháil saor in aisce ar feadh bliana. Tá breis agus 20,800 ciliméadar ar an gclog anois agus deir Áine go bhfuil sí fíorshásta leis an mótar. Is féidir le hÁine an mótar a luchtú sa bhaile agus cé go bhfuil sé mall ag luchtú, deir sí gur chuma léi faoi sin agus nach bhfuil luchtóir tapaidh uaithi. Cé go bhfuil an carr costasach, deir sí go bhfuil sí ag súil go mór leis an gcarr a cheannach amach anseo. Deir sí go bhfuil go leor airgid sabháilte aici ar an mbreosla.

Mangaire guail is ea Bearnard Ó Súilleabháin. 'Tá an gual á dhíol i gcónaí' a dúirt Bearnard. As an mbliain seo amach, ní bheidh ach gual gan deatach ar fáil. Beidh ar dhaoine dul i dtaithí ar an gual nua seo, a deir Bearnard.


Seán Ó Liatháin, bunaitheoir Cork Green Energy, comhlacht nua chun teas agus aibhleis a chur ar fáil. Úsáideann an comhlacht seo neart adhmaid, admhad atá ar fáil nach bhfuil in úsáid ag daoine eile.

Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08 agus 1.00