Labhair Éanna Ó Conchúir le hÁine Ní Bhreisleáin ar Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar a chuid oibre mar thraenálaí chomh maith le tábhacht Movember.

Tá Éanna ag reachtáil spórtlann i gCorca Dhuibhne agus deir sé go bhfuil sé tábhachtach go dtugann daoine aire dóibh féin ina gcoirp agus ina n-intinn. Luaigh sé go n-aithníonn sé ar roinnt daoine a thagann chuig an gym gur ag rith ó rudaí eile atá ag cur isteach orthu atá siad agus iad i mbun aclaíochta.

'Caithfidh tú a bheith ionraic leat féin', a deir Éanna, mar gheall ar tslí a chuirtear dúlagar nó deacrachtaí meabhairshláinte faoi cheilt. Admhaíonn Éanna nach bhfuil fir na hÉireann oscailte go leor mar gheall ar na mothúcháin a bhíonn acu ach go bhfuil sé luachmhar a choinneáil i gcuimhne go mbíonn drochlaethanta ag gach uile dhuine.

Seachas díriú ar na nithe a chuireann siar muid, molann Éanna féachaint ar an tslí a dtagann daoine ar ais ó na dúshláin sin. 'Tá slí amach as gach rud', a deir Éanna.

Craoltar Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine idir 3 agus 5