Labhair an tAthair Donnchadha Ó Baoill le Michelle Nic Grianna ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin dúlagar a chur isteach air ar feadh tréimhse dá shaol.

Mar chuid d'fheachtas sláinte na bhfear Movember, tá béim faoi leith a chur ar an dúlagar le linn na míosa seo, galar a chur isteach ar an Athair Donnchadha ar feadh tréimhse.

Is sagart cúnta é an tAthair Donnchadha Ó Baoill ach ní dheachaigh sé leis an tsagartóireacht go dtí go raibh sé daichead bliain d'aois. Deir sé gur 'athrú mór saoil' a bhí sa chinneadh agus san oiliúint dó. A fhad agus a bhí sé i mbun traenála, dúirt sé go ndeachaigh a shláinte in olcas agus nach raibh sé ag ithe i gceart agus go bunúsach go raibh a chorp níos laige dá bharr. Nuair a cuireadh chuig paróise Ghaoth Dobhair é, d'inis sé go Michelle gur thug sé faoi deara go raibh sé tuirseach, nach raibh mórán fonn oibre air ach an oiread.

Thug sé faoi chúrsa spioradálta agus ba sa chúrsa sin a fuair sé amach go raibh dúlagar air. 'Thit mé as a chéile', arsa an tAthair Ó Baoill.

Ag caint ar an meon atá ag roinnt fear, é féin ina measc, faoi mheabhairshláinte, dúirt an tAthair Ó Baoill gur thuig seisean nár cheart dó a bheith ag caint faoina chuid fadhbanna. 'Bhí mise druidte, ag fás aníos dom'. Tá neart foghlamtha ag an Athair ó shin maidir le daoine agus na héagsúlachtaí atá idir daoine.

Maidir lena shlí beatha, dúirt sé go raibh faitíos air nach mbeadh sé in ann dul ar aghaidh leis. 'An eagla mhór a bhí orm go mbeadh orm sos a thógáil ó mo chuid oibre'. Cuireadh an tAthair ar leigheas a chabhraigh go mór leis. Ó shin i leith, dúirt sé go bhfuil feabhas mór air ach dúirt sé gur fágadh rian air go fóill.

Craoltar Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 11 agus meánlae.