Beidh féile Dingle Lit ag tarlú idir ar líne agus sa bhfíorshaol i mbliana i mbaile an Daingin, i gCorca Dhuibhne idir an 19 Samhain agus an 21 Samhain
Táimid chugaibh arís i mbliana, réimse leathan ábhar againn, cuid acu le freastal pearsanta, cuid eile acu ar líne. Agus iad go léir eisceachtúil. Anuraidh, tháinig daoine ó gach aon chearn den gcruinne inár measc, agus ba chúis mórála dhúinn oiread daoine a fhreastail ar ócáidí Gaeilge na féile, pé acu líofa nó ar bheagán focal a bhíodar. I mbliana, beidh soláthar maith eile againn do Ghaeilgeoirí, idir dhaoine fásta agus aos óg. Is é is aidhm i gcónaí dhúinn ná cultúr agus litríocht na hÉireann a scaipeadh trid an oiread meán agus is féidir, agus sin é an chiall go bhfuil ócáidí againn ar réimse leathan toipicí, oiriúnach do gach aon aoisghrúpa faoi leith, cuid acu a oireann do chách.
Éist le Siobhán Prendergast ag caint faoin bhféile le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Labharfaidh Declan Kiberd, údar agus scoláire aitheanta, le Irene Duffy Lynch mar gheall ar aistriúcháin, mar gheall ar chros-phailíniú teanga, agus mar gheall ar na h-athraithe sainiúlachta a ghabhann le roghnú úsáide teanga thar teanga eile. Beidh an ócáid áirithe seo dá-theangach, mar a bhaineann go dlúth leis an ábhar, agus molaimid d'aon duine gur spéis leo ealaín an aistriúcháin nó cúrsaí Gaeilge clárú isteach linn.
Pléifidh Alex Hijmans, Victor Bayda agus Cathal Póirtéir tionchar áite ar an duine, agus tionchar an duine ar áit, agus conas a stiúraigh a dturasanna pearsanta i dtreo na Gaeilge iad. As Gaeilge ar fad a bheidh an comhrá seo.
Tá ócáid speisialta á eagrú mar cheiliúradh ar dheartháir agus deirfiúr Duibhneach, Siobhán agus Mícheál Ó Súilleabháin. Scríobhadar araon drámaí, gearrscéalta agus úrscéalta. Chuir Siobhán cuid mhaith saothair do dhaoine óga ar fáil, agus ealaíontóir aitheanta ab ea í. Labharfaidh Máire Ní Shúilleabháin, iníon Mhichíl, agus an Dr. Pádraig Ó Héalaí ar an mbeirt, ar a saothar agus ar a dtionchar agus ar a dtábhacht in oidhreacht Chorca Dhuibhne.
Tá idir dheisbhéalaíocht agus an traidisiún béil lárnach sa phobal seo; ba thúisce ann an seanchaí ná an scríbhneoir. Mar gheall air sin, táimid ag tionscnamh togra leis an Roinn Béaloidis i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus le leanaí i Scoil Dhún Chaoin, leanaí a léifidh agus a scríobhfaidh scéalta ar an leithinis mar a bhí agus mar a tá i súilibh na leanbh. Tá an file aitheanta Dairena Ní Chinnéide ag obair leis na leanaí mar mhúinteoir scríbhneoireachta agus sa bhliain 2022 beidh súil againn bailiúchán scéalta a léiríonn an obair seo a chur ar fáil do lucht na féile.
Cuirfidh Dómhnall Ó Bric, an t-ealaíontóir aitheanta, ceardlann maisitheoireachta ar fáil do lucht na hIdirbhliana sa Phobalscoil, agus léifidh Sadhbh Devlin óna pictiúrleabhar, Geansaí Otto, agus stiúróidh sí ceardlann ina maiseoidh leanaí a ngeansaithe pearsanta. Láínseálfaidh Úna Uí Iarlaithe a cúigiú leabhar ina sraith Orla Uan ar an bhFarraige.
Agus mar sméar mullaigh, eagróidh an eagraíocht scríbhneoireachta Fighting Words ceardlanna scríbhneoireachta Gaeilge agus Béarla chun seans a thabhairt d’údair óga a scileanna a chleachtadh.
Gach eolas ag:www.dinglelit.ie, ríomhphost: info@dinglelit.ie