Labhair Ciara Nic Pháidín le Michelle Nic Grianna ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin tionchar atá ar na srianta atá i bhfeidhm in Ionad Máithreachais Otharlann Leitir Ceanainn uirthi.

Níl ach ceithre seachtaine fágtha ag Ciara sula mbeidh sí ag tabhairt leanbh ar an saol in ospidéal Leitir Ceanainn. Cé go bhfuil sí ar bís, deir Ciara go bhfuil imní bocht uirthi agus go bhfuil sí scanraithe mar gur chaill sí leanbh an t-am seo anuraidh agus go raibh uirthi a bheith léi féin mar gheall ar na srianta Covid-19.

Tá trí bhreith anbaí fulaingthe ag Ciara agus dúirt sí nuair nach raibh cead ag a chéile, Chris a bheith ina teannta nuair a fuair sí an drochscéal go ndearna sé damáiste mór di féin agus do Chris.

Mar gheall ar an méid a d'fhulaing Ciara agus a fear, Chris, bhí sé deacair orthu a bheith ar bís faoin leanbh seo go dtí go raibh sí níos mó trí mhí torrach. 'Ní raibh muid tógtha faoin leanbh', a dúirt Ciara. D'éirigh le Chris a bheith i láthair uair amháin ag scan a rinneadh ag 20 seachtaine.

Anois go bhfuil an leanbh ag teacht ar an saol go luath, ní bheidh cead ag Chris a bheith léi go dtí go mbeidh Ciara leathbhealaigh tríd an mbreith. Beidh dhá uair a chloig aige leo nuair a thagann an leanbh ar an saol. Ina dhiaidh sin, ní bheidh aige ach leathuair a chloig leis an leanbh sna laethanta tosaigh, rud a deir Ciara nach gcabhróidh léi sin nó leis an leanbh.

Ní fheiceann Ciara go maolófar na srianta idir seo agus breith a céad linbh i gceann ceithre seachtaine. Cuireann Ciara an locht ar bhainistíocht na hotharlainne go bhfuil na srianta fós i bhfeidhm in Leitir Ceanainn nach bhfuil ag tabhairt airde orthu siúd nó ar threoracha an rialtais na rialacha a mhaolú.

Craoltar Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 11.08 agus meánlae