Tá sé fógartha inniu ag RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil Caitlín Ní Chualáin ceaptha ina hEagarthóir Stiúrtha Clár ag an tseirbhís.

Is as baile an Tí Mhóir in Indreabhán i gceantar Chois Fharraige í Caitlín Ní Chualáin. Tá tríocha bliain caite aici ag obair sna meáin chumarsáide.

D'oibrigh sí le réimse leathan comhlachtaí léirithe teilifíse i dtús ama, sular thosaigh sí ag obair mar Chlár Reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta sa bhliain 1999.D’oibrigh sí i rannóga éagsúla na seirbhíse, ach is sa rannóg nuachta is mó a chaith sí a cuid ama mar chraoltóir agus mar léiritheoir ar Nuacht a hAon agus Adhmhaidin.Is í Caitlín freisin a bhíodh i mbun léirithe ar mhórchraoltaí nuachta na seirbhíse go minic, idir chláracha toghchánaíochta agus cáinaisnéise, agus reifrinn.

Labhair Caitlín Ní Chualáin faoina ról nua ar Iris Aniar

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Tá aithne ar Chaitlín Ní Chualáin de bharr a cuid amhránaíochta ar an sean nós a thug sí léi óna hathair Máirtín Pheaits Ó Cualáin, agus tá an-suim aici freisin sna healaíona traidisiúnta. Bhain sí amach duaiseanna i gComórtas Sean Nós na mBan ag Oireachtas na Samhna faoi thrí, sular thug sí léi Corn Uí Riada i 2016 agus tá duaiseanna bainte amach aici i gcomórtais agallaimh beirte na féile freisin.Ceapadh Caitlín mar amhránaí Sean Nóis Cónaitheach ar Ionad Léann na hÉireann, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i 2019. Chomh maith lena suim san amhránaíocht, bíonn Caitlín páirteach i léiritheamharclannaíochta freisin, tá obair aistriúcháin déanta aici leis an gcomhlacht foilsitheoireachtaCló Iar Chonnacht, agus tá a glór le cloisteáil ar dhlúthdhioscaí éagsúla do ghasúir atá foilsithe ag an gcomhlacht Futa Fata.

Dúirt Caitlín faoina ceapachán:

"Is cúis mórtais dom a bheith ceaptha sa bpost, agus tá mé ag súil go mór le tabhairt faoin dúshlán nua seo.Tá foireann cumasach agus díograiseach ag RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tá mé ag súil go mór le bheith ag obair leo le gur féidir cur leis an méid atá bainte amach ag an tseirbhís go dtí seo, agus a bheith dílis freisin don fhís a bhí ag an stáisiún nuair a bunaíodh é i 1972.Ar ndóigh, tá comóradh leathchéad bliain ar an tairseach againn an bhliain seo chugainn, agus tá ríméad orm go mbeidh láimh agam sa gceiliúradh sin. Tréaslaím a chuid oibre agus a chuid éachtaí le Seán Ó hÉanaigh a bhí sa bpost seo romham agus guím chuile rath air."

Dúirt Ceannaire na seirbhíse, Gearóid Mac Donncha:

"Tá mé an-sásta fáilte a chur roimh Chaitlín ar an gcoiste bainistíochta.Tá taithí na mblianta aici ag obair don tseirbhís, agus tuiscint faoi leith aici ar an bpobal éisteachta agus ar ról an Raidió.Tá suim nach beag aici i gcúrsaí cultúir agus ealaíona na Gaeltachta le fada an lá, agus cuirfidh a cuid scileanna agus a taithí go mór le saineolas an choiste bainistíochta anseo.Guím gach rath uirthi ina ról nua."

Rachaidh Caitlín Ní Chualáin i mbun oibre mar Eagarthóir Stiúrtha Clár an mhí seo chugainn.