Labhair beirt bhan, Annemarie Uí Chinnéide agus Sally Phat Uí Ghallchóir le Michelle Nic Grianna ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina n-aistear le hailse brollaigh.

Dúirt Annemarie go bhfuair sí cnapán beag crua ina brollach i mí Eanáir 2017. D'fhan sí cúpla lá ag súil le go n-imeodh sé ach níor imigh agus rinne sí coinne leis an dochtúir chun an scéal a frhiosrú. Cé nach raibh pian ann, dúirt sí go raibh sí ag smaoineamh ar an gcnapán an t-am uilig. Ní raibh sí ag iarraidh fuss a dhéanamh gan chúis.

Chuir an dochtúir chuig an ionad ailse brollaigh i Leitir Ceanainn agus rinne mamagram, scrúdú ultrafhuaime agus bithóipse in aon lá amháin. Fuair sí glaoch i ndiaidh cúpla lá agus iarradh uirthi dul isteach leis na torthaí a fháil. Bhí 'fhios aici ag an bpointe sin go raibh drochscéala ann.

Fuair Annemarie an lumpectomy agus bhí uirthi 10 lá a fhanacht chun aon scéal a fháil agus deir gurb é sin an t-am ba mheasa di. Baineadh cíoch Annemarie tar éis di 16 seisiún cheimiteiripe agus rinneadh athógáil ar a cíoch.

Annemarie, Sally agus Michelle

Fuair Sally cnapán beag i Mí an Mhárta agus chuaigh sí chomh fada leis an dochtúir agus dúirt an dochtúir 'ní maith liom sin' agus cuireadh í chuig an ionad ailse brollaigh i Leitir Ceanainn. Dúradh léi san ionad gur ailse faoi leith a bhí uirthi a bhí aggressive. Dúirt sí nach raibh sí in ann an t-eolas a thógáil isteach mar gur 'shock millteanach' a bhí ann di. Baineadh an cnapán amach agus ansin 15 seisiún ceimiteiripe chomh maith radaiteiripe i mBaile Átha Cliath.

Éist le Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine óna 11