Éadaí SOS ag tosú ar an 6 Deireadh Fómhair ag 8.30pm

Tá sé mar aidhm ag Caoimhe Ní Chathail agus Proinsias Ó Coinn dearcadh an phobail a athrú maidir lena gcuid éadaí.

Gach bliain, dóitear nó cuirtear na mílte tonna éadaí chuig líonadh talún, ach fós féin tá go leor againn gafa leis an fhaisean gasta.

An bhfuil ár nósanna faisean ag déanamh scrios ar an phláinéad?

Sin í an cheist atá á cíoradh ag láithreoirí Caoimhe Ní Chathail agus Proinsias Ó Coinn sa tsraith úr Éadaí SOS. Sa tsraith seo, cuireann siad dúshlán roimh cheathrar atá gafa le faisean ag tacú leo a gcuid éadaí a athúsáid, a athchúrsáil agus a laghdú.

I ngach clár, dírítear ar dhuine amháin a bhfuil dúil as cuimse acu san fhaisean gasta a bhfuil a vardrús lán go doras agus nós acu feisteas nua a cheannach do gach ócáid – gan smaoineamh ar na himpleachtaí a bhaineann leis an phláinéad.

Buailfidh muid le mac léinn as Tír Chonaill, Mollaí Ní Mhiacháin, a chaitheann 80% dá gcuid pá ar éadaí; le múinteoir i nDoire, Corey Hanna, nach bhfuil ábalta sos a ghlacadh óna haipeanna siopadóireachta; le máthair le beirt pháistí i mBéal Feirste, Aoife Nic Colaim, atá gafa leis an fhaisean is déanaí; agus le tionchar na meán sóisialta Chris Murphy as Contae na Mí, a bhfuil a chuid éadaí mar chuid d'fhéiniúlacht s’aige.

Téann Caoimhe ar cuairt chuig teach an rannpháirtí ag tús gach clár, áit a bhfuil sé furasta an fhadhb a aithint. Tógann Caoimhe agus a cuiditheoirí na héadaí uile ar shiúl leo le hanailís a dhéanamh orthu agus an rannpháirtí bocht fágtha le 10 bpíosa éadaí a chaitheamh go ceann coicíse. Anuas air sin, tá cosc iomlán ar shiopadóireacht le linn na tréimhse!

Tugann fear na bhfigiúirí, Proinsias léargas ar líon na n-éadaí atá ag an rannpháirtí agus tugann sé staitisticí suntasacha faoina héadaí nach mbíonn caite chomh minic sin nó ar chor ar bith go fiú! Lena chois sin nochtar leideanna le héadaí a athnuachan le feisteas úrnua a chruthú.

An mbeidh ár gcuid rannpháirtithe ábalta a gcuid nósanna a athrú amach anseo le cuidiú ó Chaoimhe agus ó Phroinsias? Cad é a dhéanfaidh siad lena gcuid éadaí anois agus na fíricí suntasacha cloiste acu?

Éadaí SOS ag tosú ar an 6 Deireadh Fómhair ag 8.30pm