Labhair muid le hÁine Ní Bhreisleáin faoi shéasúr 3 de Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta atá ag tosú inniu ar a 3.

Tá Bladhaire ag filleadh inniu i ndiaidh sos an tsamhraidh, cad leis a bhfuil tú ag súil ón tríú séasúr?

Do sheásúr a trí de Bhladhaire, tá mé ag súil go mór le rudaí toiseacht a dhul ar ais mar a bhí, ag imeacht amach ar an bhóthar, ag taifeadadh agus ag craoladh beo, agus níos mó imeachtaí a bheith ar siúl. Tá mé ag súil le coinneáil leis an chraic bríomhar agus éisteoirí úra a mhealladh agus le rud inteacht úr a chur ar fáil do na héisteoirí dílse atá againn le dhá bhliain anuas.

Póilín Nic Géidigh, léiritheoir nua Bhladhaire

Tá léiritheoir nua agat, Póilín Nic Géidigh, an dtugann sin treoir nua don chlár, an dóigh leat?

Tá mé iontach sásta go bhfuil Póilín Nic Géidigh liom mar léiritheoir. Sílim go bhfuil talainn agus buanna speisialta aici. Is duine thar a bheith cruthaitheach í agus is duine í a bhfuil feith an ghrinn agus cumas iontach craoltóireachta agus léirithe inti. Sílim go gcuirfidh sin ar fad go mór le foireann Bhladhaire. Tá obair cheannródaíoch déanta ag Damien Ó Dónaill ag léiriú Bhladhaire, agus an choincheap ar fad, eisean a chur tús le Bladhaire i ndáiríre. Sílim go mbeidh mise agus Póilín in ann tógáil ar an obair atá déanta agamsa agus ag Damien go dtí seo.

Le srianta na paindéime ag maolú, an bhfuil an clár ag súil le filleadh ar an mbóthar?

Caithfidh mé a rá, ó thosaigh Bladhaire, sin rud a bhí i gcúl mo chinn i gcónaí agamsa, bhí sé mar sprioc agam Bladhaire a thabhairt ar an bhóthar. Tá mé ag iarraidh labhairt le pobail na Gaeltachta, pobal na Gaeilge, pobail úra, freastal ar imeachtaí a bhaineann leis an Ghaeilge. Faighim oiread fuinnimh ó dhaoine, mar éisteoir raidió agus mar chraoltóir raidió. An bhrionglóid a bheadh ann ná fiú cúpla craoladh a dhéanamh, dá dtiocfadh linn, amach anseo thar sáile ach cinnte dul áiteacha difriúla thart ar an tír, mar thús.

Éist le Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 3 agus 5 Déardaoin agus Dé hAoine.