Ag tosú, 12 Meán Fómhair, Dé Domhnaigh, 9.30pm ar TG4, tá 'Sé mo Laoch, mórshraith ceoil thraidisiúnta TG4, ar ais don 12ú sraith, sraith ina mbeidh plúr na gceoltóirí traidisiúnta páirteach ann, Mairéad Ní Mhaonaigh ina measc.

Faoi chaibidil sa tsraith dhomhain cúig chlár seo beidh an portaire béil Séamus Fay as an gCabhán, na ceoltóirí orgáin béil John & Pip Murphy as Loch Garman , na hamhránaithe Áine Uí Cheallaigh as Port Láirge, Mairéad Ní Mhaonaigh as Dún na Gall agus Kevin Conneff na Chieftains sna cláracha uair an chloig faisnéise ina n-inseoidh na ceoltóirí seo a scéal féin.

Le saol agus saothar Mhairéid Ní Mhaonaigh, an t-amhránaí traidisiúnta agus fidléir, as Tír Chonaill a chuirfear tús leis an tsraith. Bhí Mairéad ar dhuine de bhunaitheoirí Altan, an banna mór ceoil a chuir ceol Dhún na nGall ar stáitse ar fud an domhain mhóir. Is ball freisin í de na grúpaí Na Mooneys, String Sisters agus Sí Fiddlers. Idir a stíl fhuinniúil fidléireachta agus a guth uaibhreach, is cinnte go bhfuil fuaim ar leith tugtha chun cinn ag Mairéad sa 30 bliain a bhfuil sí i mbun ceoil agus tá sí gan amhras ar dhuine de na hamhránaithe is aitheanta i gceol nua-aimseartha na hÉireann.

I measc na rannpháirtithe agus na gceoltóirí sa gclár seo tá Mark Kelly; Martin Tourish; Ciarán Curran; Steve Cooney; Tara Bingham; Dermy Diamond; Manus Lunny; Nia Byrne; Ann Mooney; Gearóid Ó Maonaigh; Paul O'Shaughnessy; Paddy Glackin & Maighread Ní Dhomhnaill.

Dé Domhnaigh, 12 Meán Fómhair ag 9.30pm ar TG4