Mar chuid den cheiliúradh náisiúnta ar Oíche Chultúir i mbliana beidh Ealaín na Gaeltachta ag tacú le os cionn 30 imeachtaí fud fad na Gaeltachta ar an Aoine 17 Meán Fómhair.

I measc na buaicphointí beidh clár nua le craoladh ar TG4, 'Oíche Chultúir sa Ghaeltacht'. Tabharfar ar camchuairt thart timpeall na Gaeltachta muid, ó Ghaoth Dobhair chuig An Rinn, agus buailfear le healaíontóirí, grúpaí agus a gcuid tograí. Ina measc beidh Diane Ní Chanainn, Cathal Mac Fhionnghaile, Seanán Mac Aoidh, Cathal Ó Searcaigh, Úna Campbell, Caoimhe & Séamus Ó Flatharta, Caitlín Nic Gabhann, Éamonn Ó Meachair, Ensemble Mhúscraí, Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, Maeve McSweeney, Dairena Ní Chinnéide, Fearghus Ó Conchúir, Aoife Ní Shé agus David Geaney.

Beidh ceol, damhsa, scannánaíocht agus litríocht le braith ón 30 imeacht a bheidh ag tarlú ar líne agus in ionaid ar fud na Gaeltachta. I measc na n-imeachtaí atá á reachtáil i mbliana tá ócáid filíochta béil sa Díseart leis an scríbhneoir cónaithe Colm Mac Gearailt agus a chairde Eoin P. Ó Murchú, Fionn Ó Neill agus Mattie Barker.

Beidh an Donegal Women’s Network ag déanamh ceiliúradh ar chruthaitheacht na mban le taispeántas ealaíne le gaineamh, agus beidh scannán á dhéanamh ag an ealaíontóir Maria Coleman mar chuid den togra.

Ar Inis Oírr, beidh leagan úrnua d’amhrán traidisiúnta á sheoladh ag an amhránaí iomráiteach Lasairfhíona Ní Chonaola. Beidh an banna ceoil 8-bit Banjo agus dealbh óir d’Albert Power le feiceáil san fhíseán a bheidh á chraoladh ar líne acu ar an oíche.

Is é Ruairí Ó Donnabháin, damhsóir atá ag cur faoi ar Oileán Chléire, ambasadóir na Gaeltachta d’Oíche Chultúir 2021. Tá saol cruthaitheach éagsúl agus uathúil ag Ruairí, a bhíonn ag obair ar fhéilte agus ócáidí go hidirnáisiúnta, ag déanamh cóiréagrafaíocht ar thograí go idirnáisiúnta agus in Éirinn agus ag obair mar dhamhsóir in Éirinn agus thar lear agus suim faoi leith aige sa teanga agus sna gaolta idir dhaoine.

"Táim an-sásta le bheith mar Ambasadóir ar Oíche Chultúr i mbliana, ceapaim go bhfuil sé fíor tábhachtach go ndéanaimid ceiliúradh ar ár gcultúr agus ar an ealaíon.

Tá tuilleadh eolais faoi na himeachtaí ar fad atá ag tarlú ar líne agus sna ceantair Ghaeltachta ar Oíche Chultúir ar fáil ar Ealaín.ie.