Junior Eurovision ag tosú anocht ag 8.30pm ar TG4

Táthar sa tóir ar amhránaí na hÉireann don Chomórtas Amhránaíochta Junior Eurovision 2021!

Gach bliain, téann na hamhránaithe óga is fearr idir 9-14 bliain ó Mhór-Roinn na hEorpa san iomaíocht i gComórtas Amhránaíochta an Junior Eurovision.

Chuir an phaindéim cosc ar Éirinn agus ar roinnt náisiún eile páirt a ghlacadh san imeacht anuraidh ach ar an 19 Nollaig i mbliana beidh réalta nua as Éirinn ag tabhairt faoin stáitse i bPáras agus ag canadh thar ceann an náisiúin. Cé a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann na hÉireann?

Faoinár moltóirí a bheidh sé sin a shocrú le linn na sraithe.

I measc na moltóirí beidh Niamh Ní Chróinín and Fiachna Ó Braonáin in éineacht leis na haoi-mholtóirí Niamh Kavanagh, Brian Kennedy, Mickey Joe Harte, Jedward, Lesley Roy agus Linda Martin. Beidh láithreoir nua ar an tsraith i mbliana. Is í sin Louise Cantillon.

Fiachna Ó Braonáin

Is láithreoir teilifíse agus raidió í Louise Cantillon as Áth Dara i gCo. Luimnigh. Is craoltóir í Louise ar SPIN South West agus SPIN 1038.

Thosaigh sí amach ar SPIN in 2013 ar an gclár rathúil dátheangach POP Raidió. Ba í guth SPIN HITS í ar feadh i bhfad, clár ceoil i lár an lae. Chuir sí an clár oideachais SPIN AR SCOIL i láthair freisin. Faoi láthair tá clár cainte SPIN NOW aici mar aon leis an gclár HIT 30 na hÉireann a chur i láthair.

Go neamhspleách, oibríonn Louise ar Classic Hits 4FM ina craoltóir nuachta agus spóirt. Is léiritheoir í ag Newstalk agus bíonn sí le clos go minic freisin ar RnaG. Bíonn Louise ag scríobh don Limerick Leader.

Is Gaeilgeoir í agus tá sí cáilithe ina múinteoir Gaeilge agus Corpoideachais. In 2018 shocraigh Louise sos gairme a ghlacadh ón mhúinteoireacht agus dul sa tóir ar phost lánaimseartha sna meáin chumarsáide.