Sraith nua ag tosú anocht RTÉ ONE, Dé Máirt, 7pm

Tá GAFA ina scathán ar intinn an Éireannaigh, ag breathnú ar na rudaí a bhímid de shíor ag smaoineamh orthu, na rudaí nach féidir linn ach a bheith ag caint orthu. Déanfar iniúchadh, i mbealach spraíúil, sa tsraith seo ar na rudaí a chuireann faitíos orainn agus a bhfuil suim iontach againn iontu: an tóir ar an ngrá, an underdog sa spórt, aimsir athraitheach na tíre, comhartha stádais an fheirmeora, an tarracóir agus sula raibh don chlár The Crown, bhí muid i gcónaí fiosrach faoin gclann ríoga, cé nach maith linn é a admháil!

Is aoibhinn linn underdog nuair a thagann sé chomh fada le cúrsaí spóirt in Éirinn. Tá rud éigin speisialta faoi fhoireann nó faoi dhuine aonair atá in ann an lámh in uachtar a fháil, ainneoin na n-ainneoin.

Tá súil siar in Gafa leis an Underdog ar an mbonn óir a fuair Michael Carruth ag na cluichí oilimpeacha in Barcelona, an bua a bhí ag an ngalfaire amaitéarach, Shane Lowry ag Craobhchomórtas Oscailte Gailf na hÉireann, na mná a chuir ainm rugbaí in airde nuair a bhain siad an Chaithréim Mhór amach in 2013 agus gaiscí na bpeileadóirí i Liatroim i 1994 agus na n-iománaithe in Aontroim i 1989