Scríobhann Dónal de Brún mar gheall ar an leabhar Tinte na Farraige Duibhe a aistríodh go Gaeilge agus a foilsíodh le déanaí.

Le cúpla seachtain anuas chonacthas roinnt billiúnaithe ag imeacht leo ar thurais roicéid sa spás. Is dócha go gcaithfidh na daoine is saibhre ar domhan a gcuid airgid a chaitheamh ar rud inteacht. Thug seo dán Gil Scott-Heron, Whitey on the Moon, chun cuimhne. Sampla é an dán den Afra-Todhchaíochas nó Afrofuturism, ina bpléitear diaspóra mhuintir na hAfraice i gcomhthéacs na teicneolaíochta trí fhicsean amhantrach – athinsint staire, fantaise agus ficsean eolaíochta.

In Whitey on the Moon, aoir ar an chéad tuirlingt ar an ghealach, déanann Scott-Heron comparáid idir an t-uafás airgid a chaith rialtas Mheiriceá ar an Rás Spáis agus na drochchúinsí agus costais mhaireachtála arbh éigean do chosmhuintir Mheiriceá a fhulaingt. Anois agus an domhan i lár paindéime tá neart daoine gan obair, airgead agus tithíocht fiú. Más féidir rud amháin a rá faoin rás spáis úr seo, is sampla eile é den éagothroime a chothaíonn an caipitleachas.

Tá léargas den chineál chéanna ar an spás ag Tim Armstrong ina úrscéal ficsean eolaíochta Air Cuan Dubh Drilseach (2013) atá aistrithe ó Ghaeilge na hAlban go Gaeilge na hÉireann ag Eoin P. Ó Murchú faoin teideal Tinte Na Farraige Duibhe (Leabhar Breac, 2020). Dúirt Tim Armstrong gur tháinig an smaoineamh faoin Ghaeilge a bheith á labhairt ag na carachtair s'aige agus iad amuigh sa spás, ná go raibh an loighic chéanna in Star Wars – tá an oiread chéanna seans ann go mbeadh daoine sa spás ag labhairt Gaeilge is a bheadh Béarla le blas cainte Meiriceánach. Seachas a bheith suite "fadó, fadó, i réaltra i bhfad, i bhfad i gcéin", tá úrscéal Armstrong suite san am i láthair (nó cóngarach go leor dó), cé go deimhin gur i réaltra i bhfad uainn féin a thosaíonn an scéal amach. Difear eile idir Tinte Na Farraige Duibhe agus scannáin cháiliúla George Lucas, ná go bhfuil an oiread chéanna cainte ann faoi mhún, cac, drugaí agus gnéas agus atá faoi spáslonga, róbait agus neacha eachtardhomhanda.

Cineál de mheascán é an t-úrscéal idir scéal cibearpunc – cineál scéalaíochta a mheascann teicneolaíocht forbartha agus diostóipe, agus ceoldráma spáis. Tá rapcheol lárnach sa scéal agus tagann a rithim agus a rím siúd chun beatha go fíoréifeachtach san úrscéal. Baineann an scéal féin le cruinne daoine agus neacha eile atá i bhfad chun tosaigh ar an Domhan seo ó thaobh teicneolaíochta ach, má tá, tá neart fadhbanna sa chruinne chéanna. Idir thruailliú, neamhionannas agus rialtas cam, spreagtar coimhlintí cumhachta ann go rialta. Tá go leor leor atá faoi chois ag an Chomhghuaillíocht Idir-Réaltach, cineál de rialtas maorlathach anaithnid a luaitear go minic san úrscéal mar chúis le go leor de na fadhbanna a bhíonn ag an ghnáthdhuine. Tá smacht ag an Chomhghuaillíocht ar an trádáil agus ar mhuintir mhórchuid na cruinne dá bharr. Éiríonn le muintir na cruinne sult éigin a bhaint as an tsaol ina ainneoin seo uilig, áfach, trí dhul go clubanna oíche ar Roghail, cathanna rapcheoil i gcaiféanna istoíche sa 'Scuat’ nó go Cath na mBannaí ar Thoradon.

Is ar ghealach fásaigh atá beagnach tréigthe a thosaíonn an scéal, le Sál, Ríosa agus Sabhair. Tá plean ag Ríosa agus Sabhair an ghealach ar ar tógadh iad a fhágáil agus iad ag iarraidh áitiú ar Sháil, an príomhcharachtar, dul leo. Is DJ cumasach é Sál as Roghail, gealach de chuid an phláinéid Na Hasta. Is gealach í Roghail atá sáite sa ghadaíocht agus sa choiriúlacht. Cé gur leathchrogaill scanrúla iad na péas ar Roghail, ní leor é sin leis na fadhbanna seo a smachtú nó tá siad féin chomh cam céanna leis na coirpigh. Mar atá amhlaidh leis an triúr acu, tá sé mar aisling ag Sál Roghail a fhágáil, ach is trí chlú a bhaint amach do féin mar DJ a cheapann sé a shlí éalaithe. Is mionmhangaire drugaí í Ríosa agus tá Sabhair mar chineál de shaoiste aici – eisean a thugann na drugaí di le díol. Mórán mar an gcéanna lenár bpláinéad féin, is daoine óga na daoine is boichte sa choilíneacht ar Roghail. Is beag seans atá ag an triúr acu imeacht ón ghealach mar sin, de bharr chostas na dticéad.

Dár le Ríosa agus Sabhair, is é an seans is fearr acu éalú ná roicéad a ghoid. Le briseadh isteach sa roicéad, áfach, tá Sál de dhíth orthu, nó a mhéarlorg glan ar a laghad. Tá Sál dubh in éadan an smaoinimh. Tagann sé ar a mhalairt tuairime i ndiaidh cuairt gan choinne ón Sáirsint Raithdead, agus tosaíonn siad faoi dheireadh ar a n-eachtra tríd an spás. Tá insint an scéil ficsean eolaíochta uasdátaithe in Tinte na Farraige Duibhe le teacht le tréithe daoine óga an lae inniu. Is feoilséantóirí na príomhcharachtair, is cibirniteach aerach é A-Hiom agus tá píosaí rapcheoil fite tríd an téacs.

Mar a bhíonn amhlaidh leis an fhicsean eolaíochta, is minic a úsáidtear sochaí níos forbartha le rabhadh a thabhairt faoin treo ina bhfuil muid ag dul mar chine. Tógann Armstrong ceist shuimiúil faoi intleachtaí shaorga. Is iad na hintleachtaí saorga atá i mbun mhórchuid na gcóras ríomhaireachta sa leabhar agus iad ábalta corp nó cruth daonnóideach a ghlacadh. Is téarma maslach é róbat dóibh, agus b’fhearr leo go dtabharfaí cibirniteach orthu. Is iad na cibirnitigh an cine is mó faoi leatrom sa chruinne agus is iad seo an grúpa is mó atá i gcoimhlint leis an Chomhghuaillíocht Idir-Réaltach. Is é an choimhlint seo atá mar chúlra ag an scéal. Ceist ábhartha go leor atá á cur ag Armstrong – má tá na hintleachtaí seo ábalta smaoineamh dóibh féin, an bhfuil sé ceart nó morálta go ndéanfaí sclábhaithe díobh?

Tá an chomparáid soiléir idir na cibirnitigh sa tsochaí thodhchaíoch i gcruinne Tinte na Farraige Duibhe agus sclábhaithe ar an domhan seo san am a chuaigh thart. Le theacht ar ais go dán Gil Scott-Herron, tá ficsean amhantrach an leabhair, leis an Ghaeilge mar phríomhtheanga sa spás, an-chosúil leis an fhicsean amhantrach Afra-Todhchaíoch a chruthaigh neart ceoltóirí de dhath dóibh féin. Ó Sun Ra, seinnteoir snagcheoil a bhí ag seinm ó na 1950í go dtí na 1990í go Janelle Monáe sa lá atá inniu ann. Chruthaigh Sun Ra cineál de phearsa idir-réaltach dó féin, pearsa a bhí ar aon dul leis an cheol turgnamhach aisteach a bhí á sheinm ag a bhanna cheoil. Tríd an fhicsean amhantrach, d’éirigh le leithéidí Sun Ra cultúr agus diaspóra mhuintir na hAfraice a phlé ar dhóigh iomlán nua. Mhair an traidisiún seo le George Clinton agus Parliament-Funkadelic, Kool Keith agus FKA Twigs i measc neart ceoltóirí eile.

Mar a dúirt Armstrong féin faoina úrscéal, tá tábhacht ar leith leis an Ghaeilge a shamhlú i sochaí thodhchaíoch. Is amhlaidh a athshamhlaítear an teanga in Tinte na Farraige Duibhe ní amháin mar theanga nua-aoiseach ach mar theanga thodhchaíoch, ag imeacht ón tseaníomhá sheanfhaiseanta. Maidir leis an Afra-Todhchaíochas, thug an t-athchomhthéacsú an tsaoirse do cheoltóirí agus scríbhneoirí de dhath a gcuid smaointí faoi dhiaspóra, chultúr agus chiníochas, i measc go leor eile, a chur chun cinn ar dhóigh úr. Bhain sé chomh maith le saothar daoine de dhath a scrúdú i dtaobh fhorbairt na teicneolaíochta de. Agus muintir na Gaeilge ag amharc ar a leithéid, gach seans go sílfeadh go leor go mbeadh an baol ann go bhfágfar an teanga ar gcúl. Éiríonn le hArmstrong an tuairim seo a cheistiú – i ndeireadh na dála, cén fáth nach mbeadh an Ghaeilge á labhairt ag cibirnitigh sa todhchaí? Is sa cheist sin agus sna ceisteanna a chuirtear faoin neamhionannas atá dúshlán Tinte na Farraige Duibhe na cruinne seo.

Is féidir leat Tinte na Farraige Duibhe a cheannach anseo