Taispeánfar The Queen v Patrick O'Donnell ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i mí Iúil, an chéad léiriú poiblí den scannán ag féile scannán sa tír seo.

Scéal beatha Patrick O'Donnell, Padaí Mhicheáil Airt as Mín an Chladaigh, Gaoth Dobhair, a mharaigh an brathadóir cáiliúil James Carey ar bord loinge amach ó chósta na hAfraice Theas sa bhliain 1883, atá sa scannán nua.

Fadscannán drámaíochta agus faisnéise do TG4 é The Queen v Patrick O’Donnell atá bunaithe ar leabhar den ainm céanna le Seán Ó Cuirreáin atá le foilsiú go luath ag Four Courts Press.

Ta súil ag ROSG go mbeidh an chéad léiriú poiblí don phobal i gcoitinne ar siúl i nGaoth Dobhair níos deireanaí i mbliana má cheadaítear sin faoi na srianta sláinte de bharr Covid-19.

Bhéarfaidh an saothar nua seo léargas don chéad uair ar an scáileán ar cheann de na comhchealga dúnmharaithe is suntasaí i stair na hÉireann, scéal lán le foréigean, cleasaíocht cúirte, scéiméireacht pholaitiúil agus rómánsaíocht.

Nochtfar eolas nua ann ó chomhad de chuid na Breataine a coinníodh ina rún ar feadh 100 bliain ar scéal beatha agus ar chinniúint Phadaí Mhicheáil Airt.

Céard a thug ar an bhfear Ghaoth Dobhair, Padaí Mhicheáil ceannaire na Invincibles James Carey a mharú? Cérbh í an bhean mhistéireach a bhí ina chomhluadar mar bhean chéile? Agus cén fáth gur iarr Uachtarán Mheiriceá agus sárscríbhneoir na Fraince Victor Hugo nach gcrochfaidh é?

Imeasc na n-aisteoirí sa scannán seo tá, Eoghan Mac Giolla Bhríde i bpáirt Phadaí Mhicheáil Airt chomh maithe le Stephen Jones, Brídín Ní Mhaoldomhnaigh agus Sophie Campbell.

Tá an scannán roghnaithe ar an ngearrliosta do gradaim ag dhá fheile idirnáisiúnta scannán ag an bpointe seo – ceann amháin i Vancouver Cheanada agus an ceann eile i Madrid na Spáinne.

Tomás Seoighe a stiúir an scannán, agus b’iad Ciarán Ó Cofaigh, Eilís Ní Cheallaigh agus Seán Ó Cuirreáin a bhí mar léiritheoirí do ROSG.

TG4, Fís Éireann agus an BAI a mhaoinigh an saothar.

Beidh The Queen v Patrick O’Donnell le feiceáil ar TG4 in 2022.

We need your consent to load this YouTube contentWe use YouTube to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences