Sheol an cluiche ilimreora comhoibrithe agus feallaidh Among Us an leagan aistrithe oifigiúil i nGaeilge. Tá sé le fáil ar Android, iOS, Nintendo Switch, Epic Games, Steam, Windows Store agus Xbox Game Pass on PC.
Chruthaigh foireann de cheathrair an t-aistriúchán seo ⁊ bhí Úna-Minh Caomhánach ar thús cadhnaíochta sa tionscnamh nuair a d'oibrigh sí in éindí lena díograiseoirí Gaeilge, Brian C. Mac Giolla Mhuire, Cormac Cinnsealach agus Mike Drinkwater.
D’oibrigh an fhoireann ar leagan 'modáilte’ de Among Us i nGaeilge ach ba mhian leo leagan i nGaeilge dó a bheith ar fáil mar chuid oifigiúil den chuiche.
"Chuaigh Callum as Robot Teddy lena chaint liom (an ghnólacht chomhairleach a thacaíonn le Innersloth - a chruthaigh Among Us), tréis dom ráiteas a eisiúint ar Twittter ag iarraidh go mbeadh leagan Gaelainne ar fáil mar chuid oifigiúil den chuiche," a d’úirt Úna-Minh "uaidh sin ⁊ a bhuí lena thacaíocht dhíocasach, shínigh ár bhfoireann na NDAí agus thosnaíomar an obair ar na haistriúcháin."
I measc na foirne, d’oibrigh siad go dian crua le 5 mí anuas in éindí le bainisteoir na n-aistriúchán Michaël Lelièvre as Lockit QA leis na céadta nathanna as an gcluiche a chur in oiriúint i nGaeilge ⁊ a thastáil. Is féidir an toradh dá gcuid oibre a fheiceáil sa gcluiche inniu.
"Tá muid an-bhuíoch as Robot Teddy ⁊ Innersloth as ucht an deis seo a thabhairt dúinn le haird a tharraingt ar an nGaeilge don domhan" arsa Úna-Minh. "Cé go ndearna muid ár seacht ndícheall ag iarraidh aistriúcháin fhoirfe a bhaint amach, cuireann muid lán-fáilte roimh cheartúcháin freisin ar ndóigh".
Dar le Cormac, "Teanga na n-Éireannach í an Ghaeilge a bhfuil tóir uirthi ag mionlach mór daoine agus mionlach atá ag dul i méad a bhuí le hathbheochan na Gaeilge.
"Ach tugtar neamhaird ar an nGaeilge i dtaobh cúrsaí reatha, go háirid i gcás na teicneolaíochta is na meáin nua-aimseartha. D'fhéadfaí a rá sé aistriúchán Among Us an chéad aistriúchán suntasach a rinneadh i nGaeilge do chluife a bhfuil an-tóir air ariamh."
Ina theannta sin, dar le Mike "Tugann cluichí caoi thaitneamhach le teangachaí a fhoghlaim. Le linn cluiche, caithfidh imreoirí eolas a aithneachtáil ⁊ an beart feiliúnach a dhéanamh air; foghlaimítear níos sciobthaí dá bharr. Agus tá cluichí spraíúil is maolaíonn sé na deacaireachtaí foghlama."
Is as 3 thír dhifriúla iad na baill fhoirne, Éire, Ceanada ⁊ Nua-Shéalainn ach is follasach a ngrá don teanga sna haistriúcháin ⁊ eiseofar a thuilleadh i leaganacha nua den chluiche amach anseo.
"Mar gheall ar gur rugadh is gur tógadh i gCeanada mé, bhí sé deacair orm i dtosach an Ghaeilge a fhoghlaim de dheasca gann acmhainní," arsa Brian "Am éigint amach ansin, thosaigh mé cur spéise in aistriúchán cluichí le mo chuid Gaeilge a chleachtadh.
"Théis chuile chluiche a d’aistreoinn, rachainn i mbun cluichíochta agus d'fheicfinn an toradh ar mo chuid oibre. Ba chaitheamh aimsire le fada an lá é cluichí a imirt agus sílim go bhfuil sé go deas cluichí iomadúla a bheith ar fáil i nGaeilge. Ina theannta sin, is iontach an rud é ar fad an cluiche cáiliúil Among Us a imirt i nGaeilge. Tús maith leath na hoibre mar a déarfá!"