Scríobhann Dónal De Brún ar an gcnuasach ghearrscéalta Inní leis an údar, Réaltán Ní Leannáin a chíorann ceisteanna a bhaineann le hinscne, an teorainn agus cúrsaí paindéime, fiú.

Ba é a dúirt Brendan Behan, faoin chríochdheighilt, go raibh níos mó céille le Sasana a roinnt nó go raibh níos mó de dhifear idir muintir Mhanchain agus muintir Londan ná mar a bhí idir muintir Bhéal Feirste agus muintir Bhaile Átha Cliath. Agus an oiread cainte ann le déanaí faoi Éire Aontaithe, céad bliain i ndiaidh na críochdheighilte, b'fhiú súil a thabhairt ar an chodarsnacht a d’fhorbair i saoil shaoránaigh an dá stát. Mas rud é dar le Behan nach raibh mórán de dhifear idir muintir Bhéal Feirste agus muintir Bhaile Átha Cliath, thuigfeá ó bhailiúchán ghearrscéalta Réaltán Ní Leannáin, Inní, go bhfuil difríochtaí ann a d’fhorbair ó bhunú an dá stát go dtí an lá atá inniu ann. Tá seo feiceálach go fóill sa tsochaí in úsáid na dtéarmaí díspeagúla 'nordies’ agus ‘saorstátairí’. Baineann an bailiúchán gearrscéalta, le heispéiris agus glór na mban in Éirinn, idir thuaisceart agus deisceart na tíre, agus is tríd an lionsa seo a phléann Ní Leannáin cuid de cheisteanna móra an tsaoil inniu; stádas na mban sa tsochaí, creideamh, coimhlint, seicteachas, piseoga, meabhairshláinte agus neart eile.

Tchítear ómós áite i go leor de na scéalta; ainmneacha sráideanna, bialanna, páirceanna, eaglaisí agus séipéal. Cuimhneacháin iad seo den eolas a nochtann a leithéid faoi dhuine. Tá tábhacht le suíomh agus an áit arb as do na carachtair; is minic a spreagtar coimhlint agus míthuiscint sna scéalta ó charachtair a bheith as áit. Cé go mbaineann seo i scéalta áirithe le carachtair a bheith as baile go litriúil, baineann sé fosta le bheith as áit ó thaobh aicme, creidimh, inscne nó cine chomh maith. Sampla de seo ná an scéal eapainmneach, ‘Inní’. Tá an príomhcharachtar, Caireann, as áit go litriúil, bean Bhéal Feirsteach ag teagasc i mBaile Átha Cliath, ach tá sí as áit chomh maith mar an t-aon bhean atá ag teagasc go lánaimseartha i scoil lán buachaillí. A mhalairt atá amhlaidh leis an chéad scéal eile, ‘Banríon’, faoi Dheisceartach sa Tuaisceart. Bean as Carna i gConamara í Fionnuala, atá ag teagasc i nDoire. Tá an scéal suite i 1996. Cé gur cainteoir dúchais Gaeilge í Fionnuala atá ag teagasc in iar-bhunscoil lán-Ghaelach, is léir gan mórán moille gur ag na heasaontóirí poblachtacha atá an chumhacht agus iad ar nós cuma liom faoi luach Fhionnuala mar mhúinteoir sa scoil. An scéal seo amháin atá suite le linn na dtrioblóidí féin (1968-1998), ach mar a léiríonn Ní Leannáin, bhí coimhlint agus teannas seicteach ann roimhe sin agus maireann sé go fóill. Tá seo le sonrú i go leor de na scéalta, fiú iad siúd nach mbaineann leis an ábhar. Mar shampla éalaíonn Clár, cainteoir an scéil ‘Go mBeirimid Beo’, ó Bhéal Feirste gach dara lá déag de mhí Iúil. Sa scéal ‘Brídín’, a chasann súil ar cheist an iarchoilíneachas (san Aifric Theas seachas in Éirinn), déanann Brídín féin comparáid idir traidisiúin Oráisteacha an Tuaiscirt agus traidisiúin Oráisteacha na hÍsiltíre.

Réaltán Ní Leannáin, údar.

Cé gur téama é an seicteachas intuigthe a phléitear sna scéalta, díríonn na scéalta go príomha ar theannas idir baill teaghlaigh, comharsana, cairde agus go leor eile. Léiríonn Ní Leannáin an teannas seo trí mhionsonraí faoi ullmhúchán tae in ‘Ceann don Phota’, rud a leagann béim ar thost an chainteora, Lile, agus an bhean gan ainm. Sa scéal ‘Baba Jo’, is comhrá fada idir Bean Wilson agus máthair Chaitlín, Bean Uí Choinn, a choinníonn an léitheoir ar fionraí. Tá neart de na scéalta mar sin, leagtha amach mar a bheadh cineál de mhistéir nó scéinséir iontu. Tá leideanna beaga sa chaint, san insint agus fiú sna teidil, iad go léir ag ceangal le chéile ansin faoin deireadh. Ní hé seo le rá, áfach, go gcríochnaíonn na scéalta le freagraí iomlána, fágann deireadh mhórchuid na scéalta an oiread chéanna ceisteanna leis na freagraí a thugtar. Is scéalta beaga faoi ghnáthdhaoine atá sa bhailiúchán, ach scéalta a spreagfadh neart ceisteanna faoin tsochaí mar atá agus mar a bhí. Tá teanga na scéalta gonta agus soiléir, ní thugann Ní Leannáin eolas ar bith nach bhfuil iomlán riachtanach. Don chuid is mó oibríonn an modh scéalaíochta seo. Níl sé chomh héifeachtach céanna, áfach, sa dara scéal deireanach, ‘Is Iomaí Cor’, athinsint nua-aimseartha ar Romeo agus Juliet faoi bhean óg mheánaicmeach as Baile Átha Cliath agus a ‘Romeo’, fear gan dídean as an Ghréig, é i ndiaidh éalú ón choinscríobh. Tá sé doiligh, leis an easpa eolais a nochtar, a thuiscint cé acu ba chóir don léitheoir trua a bheith acu dóibh faoin deireadh. Sin ráite, éiríonn le Ní Leannáin scéal brónach smaointeach a inse trí shúile páiste sa scéal ‘Rún’. Leanann an scéal cailín cúig bliana d’aois, Aedín, agus í féin agus á máthair ag ullmhú do ‘Santaí’ ag teacht. Trí thuiscintí agus míthuiscintí soineanta an pháiste tá an léitheoir ábalta a dhéanamh amach, de réir a chéile, cad é atá i ndiaidh tarlú don teaghlach.

Tá na scéalta sa bhailiúchán seo sáite sa réalachas. Sna scéalta ‘Dorchadas’ agus ‘Cnámha’ tosaíonn an dá gearrscéal le scéal fantaise faoi thaibhse nó bean sí atá ag cur isteach ar theach, nó ar cheantar iomlán tuaithe sa dara cás. Cineál de mheafar atá sna taibhsí (mar atá soiléir faoin deireadh) a úsáideann Ní Leannáin le ceisteanna tábhachtacha a thógáil faoi thionchar taibhsiúil na heaglaise in Éirinn. Níl faitíos ar Ní Leannáin mar sin, ábhair thromchúiseacha a phlé. Tá éigniú, breith anabaí, ciníochas agus neart foréigin le léamh sna leathanaigh. Ofrálann acmhainn grinn dorcha Ní Leannáin faoiseamh beag uaidh seo uilig. Sa scéal ‘An Chloch is Mó’, deir Pádraigín gur mór an trua nár thug clann Aintín Colette pota stobhach leo seachas pictiúr mór den Phápa Leo nuair a dódh amach iad i 1921. Mar a deir sí féin, ar a laghad ansin bheadh dinnéar acu. Is léir chomh maith go dtig cuid de na scéalta, ó shaol Ní Leannáin féin. Luaitear sa tiomnú na hainmneacha Siubhán agus Aintín Josie nó Baba Jo. Tagann na hainmneacha céanna aníos sna scéalta ‘Is Iomaí Cor’ agus ‘Baba Jo’. Tá an scéal deireanach, ‘Méadúsa’, scríofa sa chéad phearsa, idir chomhrá agus mhonalóg inmheánach. Is léir gur tháinig neart inspioráide don scéal ó thaithí Ní Leannáin le hailse. Déanann sí comparáid idir saol na paindéime anois agus na cóisirí a bhí ann roimhe, cé gur léir ón scéal go dtiocfadh le cóisirí féin a bheidh míchompordach do mharthanóir ailse. Cinntíonn Ní Leannáin faoin chríoch go mbiseoidh cúrsaí sa deireadh thiar thall. Seans gur féidir an teachtaireacht chéanna a bheith ina hábhar misnigh ag na scéalta uilig. Bíonn deacrachtaí ann sa saol agus go leor a tharlaíonn fosta nár leor láidreacht an fhocail ‘deacracht’ dóibh. Sin mar atá, ar an drochuair, ach caithfear a bheith dóchasach i gcónaí go n-éireoidh rudaí níos fearr sa saol agus sa tsochaí.

Ar ábhar na paindéime, tá práinn ar léith anois le cúiseanna polaitiúla agus sochaíocha agus an domhan stoptha ar feadh seal. Tá seo le feiceáil sa rogha ábhair a phléitear in Inní. I ndeireadh na dála, thug an dianghlasáil seans do dhaoine a shamhlú cén cineáil sochaí atá le hathbhunú. Domhan atá sábháilte dul ar ais chuige, ó thaobh cúram sláinte, cinnte, ach go leor eile nach é. Cé gur tugadh ardú céime do phlé faoi Éire Aontaithe de bharr an Bhreatimeachta (nach bhfuil thart go fóill), de bharr na straitéisí éagsúla a bhí ag an dá rialtas le dul i ngleic le Covid-19, ba léir tábhacht an chomhoibrithe idir an dá chuid den oileán. Sna scéalta seo, tugann Ní Leannáin a léargas féin ar mhuintir na hÉireann, ach aithníonn sí chomh maith na difríochtaí agus míthuiscintí a bhíonn ann go minic idir deisceartaigh agus tuaisceartaigh na tíre. Mar sin, is cinnte go bhfuil neart comhrá agus díospóireachta romhainn ar an oileán seo, cibé fad blianta a bheidh ann – deich, fiche nó céad bliain eile – go mbeidh Éire aontaithe…faoin dóigh is fearr le dul i ngleic leis na fadhbanna seo.