Tá mórtas ar RTÉ agus ar TG4 a bheith tagtha le chéile chun rugbaí club de scoth an domhain a chur ar fáil saor go haer do lucht féachana agus éisteachta na hÉireann as seo go ceann ceithre bliana.

Tá sé fógartha ag na heagraíochtaí meán seirbhíse poiblí go bhfuil na cearta craolacháin faighte acu don Chraobhchomórtas Rugbaí Aontaithe (URC) nua trína gcinnteofar go mbeidh sé ar fáil saor go haer den chuid is mó do lucht féachana agus éisteachta na hÉireann as seo go ceann ceithre bliana.

Tá na cearta faighte ag RTÉ ar chlúdach beo teilifíse, raidió agus ar líne do 26 cluiche ina mbeidh cúigí na hÉireann sa sraithchomórtas, chomh maith le cluichí díbeartha eile.

Beidh Rugbaí Beo TG4 fós ar an gclár rugbaí suaitheanta ag an stáisiún a chraolfaidh 26 cluiche ina mbeidh clubanna chúigí na hÉireann chomh maith le 16 cluiche ina mbeidh foirne clubanna idirnáisiúnta.

Beidh cluiche ceannais an URC ar fáil saor go haer freisin agus RTÉ agus TG4 á chraoladh beo gach dara bliain.

Cuirfear tús leis an gCraobhchomórtas Rugbaí Aontaithe i Meán Fómhair, a thabharfaidh foirne reatha an PRO14 agus na clubanna is fearr san Afraic Theas le chéile chun sraithchomórtas 16 foireann den chéad scoth a bhunú.

Tá sé fógartha ag RTÉ freisin go bhfuil an stáisiún ag obair le URC ar sheirbhís dhomhanda OTT a sheoladh chun go mbeidh an craobhchomórtas ar fáil ag lucht féachana agus éisteachta ar fud na cruinne. Fógrófar sonraí faoi sheirbhís dhomhanda nua URC amach sa samhradh.