Tiocfaidh na ceoltóirí Eugene McKenna as Tír Eoghain , fidiléir agus ball de Bhanna Céilí an Blackwater agus an cláirseoir Lauren Ní Néill as Doire go stiudeó Dhoirí Beaga do sheisiúin agus comhrá Déardaoin .

Ar an Aoine tiocfaidh deireadh ceolmhar leis an chlár - an t-amhránaí Bernie Pháid Ní Mhuirceartaigh agus Matt Griffin a tionlacan ar an ghiotár i mBaile na nGall chomh maith le ceol beo ó Fiona Ní Ghloinn ar an fheadóg mhór agus an fidléir Jesse Smith i stiudeó Dhoirí Beaga.

Beidh duaiseanna breátha le bronnadh ar na héisteoiri ó Phota Café i mBaile na hAbhann i nGaillimh agus ó ionad eachtraíochta Wildlands i Maigh Cuilinn chomh maith le dearbháin siopadóireachta.

Craoltar Bladhaire Déardaoin agus Dé hAoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 3 agus 5