Cuirfear tús le sceideal an tsamhraidh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an Luan 7 Meitheamh, agus beidh sraitheanna nua litríochta agus ceoil, glórtha an aos óig, sraith luachmhar stairiúil ceoil agus amhránaíochta, agus cláracha siamsaíochta san áireamh sa sceideal nua, a mhairfidh go dtí 6 Meán Fómhair.

Cuirfidh Marcus Mac Conghail an clár Aistí ón Aer i láthair gach Luan ag 4.10 pm.Aistí nua-scríofa ar réimse leathan ábhair a bheas le cloisteáil sa chlár seo.Beidh an bhéim ar an stair, beag agus mór, sa chéad chlár sa tsraith seo ar an Luan 7 Meitheamh agus cloisfear píosaí atá nua-scríofa ag Síobhra Aiken, Zoya Nic Eibhearáid, Grace Neville, Ella Hassett, agus Micheál Ó hAodha ann.Ar na haíonna eile a bheas le cloisteáil sa tsraith, beidh Roxanna Nic Liam, Manchán Magan, Páraic Breathnach, Eoin Mc Evoy, Cormac de Barra, Dennis King, Julie Field agus Ceri Garfield, gan ach cuid acu a lua.

Beidh an-suim ag lucht an cheoil agus na staire sa tsraith Bailiúchán Bhairbre, a craoladh den chéad uair sa bhliain 2006, agus a bheas le cloisteáil arís sa samhradh i mbliana.Tá 12 clár in iomlán sa tsraith, atá bunaithe ar chnuasach téipeanna a chruthaigh Bairbre Quinn in Árainn agus i gConamara le linn na 1960í agus na 1970í.

Marcus Mac Congail

Ba í Bairbre an chéad oileánach a raibh téip-thaifeadán aici. Sna taifid, cloistear ceolta agus amhráin Árann agus Chonamara mar a thaifead Bairbre iad.I measc an phobail a bhí sí ag taifeadadh go neamhspleách lena gléas taifeadta féin, mar sin tá spraoi agus spóirt na ceoltóireachta le brath go láidir ar na téipeanna. Cloistear oileánaigh agus cuairteoirí, sean agus óg, filí agus gasúir scoile, agus caint nádúrtha na ndaoine.Beidh Bailiúchán Bhairbre le cloisteáil gach Satharn ag 10 am, agus beidh athchraoladh le cloisteáil Dé Luain.

Fuair an chéad shraith den chlár An Seisiún ainmniúchán ag Gradaim Raidió IMRO i 2018, agus beidh sraith nua le cloisteáil i sceideal an tsamhraidh.

Don chlár seo, cuirtear triúr ceoltóirí le chéile i stiúideo ar feadh 12 uair an chloig agus é de rún acu trí amhrán nua i nGaeilge a scríobh agus a thaifeadadh sa tréimhse ama sin.Is iad laoch Chorcaí John Spillane, an t-amhránaí as Conamara Róisín Seoighe agus an geabaire as Cill Mhantáin Oisín Mac Giolla Bhríde a bheas le cloisteáil sa chéad eagrán Déardaoin 10 Meitheamh ag 7 pm. Ar an drochuair, de bharr cúinsí sláinte poiblí, cuireadh stop le taifead na sraithe, mar sin beidh an chéad dá chlár sa tsraith le cloisteáil sa samhradh, agus tá súil na na heagráin eile a thaifeadadh níos deireanaí sa bhliain.

Is iliomad duaiseanna a bhuaigh an clár Rónán Beo nuair a bhí sé ar an aer, agus beidh deis ag éisteoirí a bheith ag dul siar ar bhóithrín na smaointe sa samhradh nuair a chuirfidh Rónán Mac Aodha Bhuí blaiseadh de na míreanna ón gclár sin anuas tríd na blianta i láthair gach Aoine ag 4.10 pm i Rónán Beo – Súil Siar. Beidh meascán de cheol beo ó sheisiúin sa stiúideo agus ag féilte agus ionaid éagsúla ar fud na tíre, rogha míreanna ó agallaimh ón gclár, agus míreann ó chláracha spleodracha an Oireachtais le cloisteáil ann.

Tá samhradh mór spóirt romhainn, agus ní loicfidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ar na héisteoirí sa réimse sin. Beidh clúdach cuimsitheach ar chraobhacha peile agus iománaíochta le cloisteáil, agus painéal anailísí ag cur leis an soláthar spóirt, ina measc Kevin Cassidy, Michael Rice, Locán Ó Máirtín, Tomás Ó Sé, Coman Goggins, Máire Ní Bhraonáin agus Cathal Moore.Beidh Eagraí Spóirt na seirbhíse Gearóidín Nic an Iomaire ag na Cluichí Oilimpeacha i Tóiceo na Seapáine, agus tuairiscí agus tráchtaireacht beo aici dúinn ar na himeachtaí ansin.

Beidh Caoimhín Ó Sé ar ais sa chathaoir gach lá ó Luan go hAoine le Tobar an Cheoil ag 10.15 am, agus beidh Pádraig Ó Sé ar ais le sraith nua den chlár Comhrá an Tráthnóna gach Céadaoin ag 4.10 pm.Beidh Pádraig le cloisteáil ar Bhinneas Béil freisin, ag 2 pm, cúpla lá sa tseachtain, agus beidh Áine Hensey ann ó Luan go Céadaoin.

Beidh roinnt sraitheanna spéisiúla eile ag tosú amach sa samhradh. Beidh Seámus Ó Scanláin ag comhrá le daoine óga sna fichidí agus sna tríochaidí faoin saol mar a fheictear dóibh siúd é agus faoin méid ar mhaith leo a bhaint amach sa todhchaí sa chlár An Chéad Ghlúin Eile a bheas ag tosú ar 22 Meitheamh. Beidh sraith ag Róisín Sheehy dúinn faoi choillte, agus an draíocht agus an tábhacht a bhaineann leo, Tar Liom go dtí an Choill, ag tosú ar 23 Meitheamh.Beidh sraith nua de cheol Americana ag Seán Ó hÉanaigh dúinn ó thús mhí Iúil, agus sraith nua den cheol traidisiúnta freisin. I dtreo dheireadh an tséasúir ansin beidh dhá shraith nua eile ag tosú.

Beidh Damien Ó Dónaill amuigh faoin aer sa tsraith Ó Mhuir go Sliabh i gcuideachta treoraí áitiúil agus é ag bailiú eolais uathu i dtaca leis an nádúr, an tírdhreach agus áilleacht cheantar iarthuaisceart Thír Chonaill a luíonn go socair faoi scáth na gcnoc.I measc na siúlóidí beidh Damien agus a chuid aíonna ar Shliabh Sneacht, 678m ar airde, atá mar chuid de Shléibhte Dhoire Bheatha,siúlóid Abhainn Chroithlí a scarann paróistí Ghaoth Dobhair agus Na Rosann, agus ar An Mhucais, sliabh a bhfuil go leor staire ag baint léi. Beidh sé cheolchoirm den scoth le cloisteáil againn i Camchuairt an Chonsairtín, sraith coirmeacha a rinneadh in ionaid ar fud na tíre, agus beidh sé sin ag tosú ag deireadh mhí Iúil.

Rinneadh an chamchuairt seo de bharr nach bhféadfaí comhdháil bhliantúil an chonsairtín a reáchtáil i mbliana, agus craoladh na coirmeacha ar líne. Beidh na ceoltóirí Aoife Kelly & Charlie le Brun; Sam & Mark Kelly, Caroline Keane & Tom Delany; Seán & Caoimhín Ó Fearghail le Macdara Ó Faoláin; Aoibheann & Pamela Queally, Shane Creed & Gearóid McNamara; Tim Collins, Derek Hickey, Liam Flanagan & Jack Talty; agus Pádraig Rynne, Tara Breen & Jim Murray le cloisteáil sna coirmeacha, agus is í Áine Hensey a chuirfidh an tsraith i láthair.

Sin ceol, siamsaíocht, spórt, nuacht agus sraitheanna faisnéise i sceideal an tsamhraidh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 7 Meitheamh.Tá breis eolais le fáil ag rte.ie/rnag.