Labhair Séaghan Ó Súilleabháin, nó The Kerry Cowboy mar is fearr aithne air le Pádraig Ó Sé ar a chlár, Eachtraigh Dom ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina thimpiste uafásach a tharla dó agus an teacht aniar iontach atá á dhéanamh aige ó shin.

D'inis Séaghan scéal a thimpiste inár bhris sé trí chnámh déag ag tús mhí Bhealtaine. Thit Séaghan ar charraigeacha nuair a bhí sé amuigh le cairde. Deir sé nach gcuimhin leis mórán den eachtra ach go raibh a chairde in ann níos mó den scéal a insint dó faoin méid a tharla.

Bhí Séaghan gortaithe go dona ach deir sé go bhfuil fhios aige go bhfuil an t-ádh leis nach raibh an scéal níos measa fós. Tá naoi dá chuid easnacha briste chomh maith lena ghualainn, a lámh agus a chos chomh maith le gortú inmheánach.

Ó shin i leith, tá Séaghan fillte ar an mbaile agus tá feabhas as cúimse tagtha ar shláinte an fhir óig. Tá sé ag díriú ar aire mhaith a thabhairt dó féin, idir siúil agus machnamh a dhéanamh sa bhaile.

Tá bóthar fada roimh Shéaghan agus a chorp ach deir sé go bhfuil misneach agus spreagadh á fháil aige ó áiteanna éagsúla ina shaol; an nádúr, a chairde agus an t-ádh atá air go bhfuil sé ina bheathaigh.