Labhair Dáithí Ó Sé le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi dheireadh an tséasúir, The Today Show chomh maith leis an gcinneadh atá tógtha Féile Rós Thrá Lí a chur ar ceal arís.

Beidh 10 mbliana bainte amach ag The Today Show an bhliain seo chugainn agus cé go bhfuil an séasúr díreach thart, tá séasúr nua i mbun pleanála cheana féin.

Deir Dáithí go raibh ar an gclár athrú nuair a tháinig an phaindéim mar go raibh ábhar éadrom ag teastáil ón lucht féachana.

Tógadh an cinneadh le Féile Rós Thrá Lí a chur ar ceal arís, don dara bliain as a chéile. Tá Dáithí buartha dóibh siúd a bhfuil baint acu leis an bhféile ach go háirithe do mhuintir Thrá Lí.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00