Labhair an staraí, Cormac Ó Comhraí ar an pháirt thábhachtach agus chinniúnach a bhí ag mná le linn Chogadh na Saoirse agus an Cogadh Cathartha ar Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Ag díriú ar iarthar na tíre a bhí Cormac agus é ag caint ar na mná a raibh rólanna sinsearacha acu i gCogadh na Saoirse agus ina dhiaidh sin sa Chogadh Cathartha.

Craoltar Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine óna 9.15am.