Scríobhann Róisín Sheehy mar gheall ar a cnuasach filíochta, Líomóidí's Rúbarb atá nuafhoilsithe.

Is é Líomóidí 's Rúbarb mo chéad cnuasach filíochta. Tugann ainm an leabhar tagairt don mbia a chneasaíonn mo chroí agus mo bhoilg. Ar bhonn fileata glanann líomóidí ‘s rúbarb an bhróin ó mo chroí. Tá imeartas agus saoirse na fantaisíochta lárnach i mo shaothar agus an ceangal atá agam leis an dtimpeallacht.

Nochtann na dánta seo an leochaileacht ionam féin chomh maith leis an dáimh a bhraithim don Lucht Siúil agus imircigh atá ina gcónaí in aice liom i bPort Láirge, mná faoi thost agus muintir an Bhlascaoid agus Inis Mhic Uibhleáin atá imithe ar shlí na fírinne. Tá spreagadh ar léith ag tírdhreach Loch Bhaile Uí Scanláin i bPort Láirge, rince comhaimseartha agus saothar comhfhilí ar dhánta an chnuasaigh.

Is féidir leat Líomóidí's Rúbarb a ordú anseo