Labhair eagarthóir an leabhar nuafhoilsithe, Look! It's a woman writer! Eilís Ní Dhuibhne le Fachtna Ó Drisceoil ar Thús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina saothar nua agus a bhfuil ann.

D'iarr Eilís ar 21 bean a rugadh timpeall an bhliain a rugadh ise, i lár na gcaogaidí faoina dtaithí mar scríbhneoirí baineann. Deir Eilís gur shíl sí gur glúin cheannródaíoch a bhí sa ghlúin seo agus nár caitheadh go rómhaith leo.

Cé go raibh mná ag scríobh le linn na tréimhse seo, mionlach a bhí iontu. Timpeall ar 300 gearrscéal i nGaeilge a foilsíodh le linn an fichiú haois a deir Ní Dhuibhne, i measc an 300 sin, mná a scríobh dosaen acu sin.

Theastaigh ó Ní Dhuibhne go gcloisfí ón nglúin thábhachtach seo agus go gcuirfí a scéalta féin os ár gcomhair uatha féin.

Chuaigh rudaí i bhfeabhas do mhná maidir le scríbhneoireacht agus i sochaí na hÉireann trí chéile le linn na 70í toisc rudaí éagsúla ar nós oideachas saor in aisce, dlíthe maidir le comhionannas inscne agus frithghiniúint.

Craoltar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine óna 5pm