Labhair Jack Máirtín, a bhfuil dhá bhliain le cois an chéid bainte amach aige inniu ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Deir Jack atá ag cur faoi i mBaile Átha Cliath lena bhean, Caitlín go mbraitheann sé go maith agus go bhfuil sé fós ag dul don gharraíodóireacht gach aon lá. Is cuimhin le Jack go mbíodh sé de nós ag seandaoine éirí as a gcuid spéiseanna agus iad ag aois a' phinsin agus go mbeidís ina suí cois tine ach nach mar sin a chaitheann seisean a shaol ach ag déanamh iarrachta a shaol gníomhach a choimeád suas.

'Mairimse sa ghairdín', a deir sé faoina shaol. Déanann sé iarracht plandaí a chur ag fás, braon uisce a chur orthu agus aoileach capaill a úsáid ar an ngairdín.

Ag caint ar an mbliain atá díreach caite le linn na paindéime, deir sé nach raibh eagla air in aon chor agus nach bhfuair sé an bhliain deacair seachas go raibh an aimsir go dona agus nach raibh sé amuigh mórán.

Tá an vacsaín faighte ag Jack agus a bhean agus sásta go bhfuil sé sábháilte ón víreas corónach.

An rud a bhíonn bun os cionn do Jack ná nach bhfuair sé deis dul chomh fada le Corca Dhuibhne, áit atá gar dá chroí.

Fear mór filíochta is ea Jack, 'mhaireas leis', a deir sé faoin bhfilíocht. Reic Jack cuid de shaothar Aogán Uí Rathaille, file a thaitníonn go mór leis ariamh.

Ag caint ar a shláinte, dúirt sé go bhfuair sé gach aon rud a bhí ag dul timpeall agus é ina fhear óg ach ón uair go bhfuair sé na céislíní amach agus go ndeachaigh sé i bhfeabhas ó shin.

Dóibh siúd a bhfuil comhairle saoil uathu, deir Jack gur gá a bheith gníomhach: 'Coimeád sa tsiúl. Ná bí ag suí ar do thóin', a deir sé.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine 12.08-1.00