Beidh Gráinne agus Micheál Fitzgibbon, deartháir agus deirfiúr as Co. Luimnigh, i measc na gceoltóirí a bheas san iomaíocht sa chraobh do Bhonn Óir Seán Ó Riada i mbliana a chraolfar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta beo ó Bhaile Bhúirne Dé hAoine 7 Bealtaine ag 7 pm.

Is iad an chruit agus na píobaí uilleann an dá uirlis atá i gceist don chomórtas i mbliana, agus beidh 15 ceoltóir páirteach sa chraobh, ochtar ar an gcruit agus seachtar ar na píoba.

As an Bhánóg i gCo. Luimnigh do Mhicheál agus Gráinne Fitzgibbon, agus tá siad sáite sa cheol ó bhí siad an-óg.Is múinteoir le craobh áitiúil Chomhaltas Ceoltóirí Éireann i gCaisleán Uí Chonaill í a máthair, agus ba mhinic ceoltóirí agus seisiúin sa teach agus iad ag fás aníos.Is maith an rud é, ar mhaithe le síocháin sa teaghlach, nach mbeidh Gráinne agus Micheál in iomaíocht dhíreach lena chéile mar go mbeidh Gráinne ag casadh ar an gcruit, agus go mbeidh Micheál i measc na bpíobairí sa chomórtas! Seo an chéad uair go mbeidh beirt ó aon teaghlach amháin san iomaíocht sa chraobh, agus i mbliana freisin den chéad uair beidh iomaitheoir páirteach beo ó thar lear, sé sin Fiachra O'Regan, ó Chloch na Rón i nGaillimh ó dhúchas, a bheas páirteach beo ó Québec i gCeanada.

Cuirfidh Peadar Ó Riada an chraobh i láthair ar a chlár Cuireadh chun Ceoil, agus is faoi na moltóirí, na ceoltóirí aitheanta Mick O’Brien, Laoise Kelly agus Louise Mulcahy, a bheas sé buaiteoir a roghnú ar an dá uirlis.Bronnfar Bonn Óir Seán Ó Riada agus €2500 an duine orthu siúd beirt.

Deir Peadar, "Is deas a bheith in ann ceol beo a chur ar fáil d’éisteoirí RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus tacú leis na ceoltóirí seo, agus earnáil an cheoil buailte go han dona ag an ngéarchéim sláinte le os cionn bliana anois.Tá súil againn go mbeidh ardú croí sa cheol don lucht éisteachta, agus go gcloisfidh muid neart eile ó na ceoltóirí seo sna blianta amach romhainn."

Ní bheidh aon lucht féachana i láthair i mbliana mar gheall ar na srianta sláinte poiblí, ach is féidir le daoine breathnú ar an gcomórtas beo ar leathanach Facebook RTE Raidió na Gaeltachta agus ag cuireadhchunceoil.ie agus a gcuid tacaíochta do na hiomaitheoirí a léiriú ansin más mian leo.

Beidh bainistiú na craoibhe ag teacht go hiomlán leis na treoirlínte sláinte poiblí atá i bhfeidhm faoi láthair.

Craolfar an chraobh do Bhonn Óir Seán Ó Riada ar Cuireadh chun Ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé hAoine 7 Bealtaine ó 7 pm go 9.30 pm.