Dé Domhnaigh, 2 Bealtaine ag 9.30, beidh plúr na gceoltóirí chugainn ón Cork Folk Festival ar TG4.

Tá féasta breá ceoil sa Cork Folk Festival do lucht leanúna an cheoil thraidisiúnta i mbliana, ar bliain ar leith a bhí inti, féasta ina gcuirtear taibheoirí áitiúla agus náisiúnta araon i láthair. Cuirfear cuid de na taibheoirí is fearr i gCúige Mumhan agus a gcairde ó níos faide ó bhaile i láthair sa tsraith sé chlár seo a taifeadadh ag Féile Cheol Tíre Chorcaí i nDeireadh Fómhair 2020, díreach sular cuireadh an dara tréimhse dianghlasála i bhfeidhm. Rinneadh an tsraith ceolchoirmeacha agus taibhléirithe a thaifeadadh i gcuid de na hionaid is aitheanta i gCorcaigh, Kino, atá dúnta ó shin faraor, Príosún Chathair Chorcaí, Eaglais Naomh Lúcás agus Áras Ceoldrámaíochta Chorcaí. Taifeadadh na taibhléirithe gan lucht éisteachta i láthair agus is féidir iad a roinnt le daoine a bhfuil tóir mhór ar cheol acu anois.

Mairéad Ní Mhaonaigh

Craolfar ceol traidisiúnta agus ceol tíre den scoth ón 41ú Cork Folk Festival, ó ionaid chluthara agus ó ionaid ar scála mór araon. Cuirfear fathaigh an cheoil i gCorcaigh, The Lee Valley String Band, agus Karan Casey i dteannta Niamh Dunne agus Seán Óg Graham i láthair ar stáitse Áras Ceoldrámaíochta Chorcaí, an chéad uair a osclaíodh doirse an árais ó thosaigh na tréimhsí dianghlasála i Márta na bliana seo caite. Beidh Mairéad Ní Mhaonaigh agus Nia Beirne i dteannta Manus Lunny as Dún na nGall ar stáitse san ionad íocónach seo, chomh maith leis an ngrúpa óg as Baile Átha Cliath, The Bonny Men, an comharghrúpa dosháraithe Strung agus maestro Chorcaí é fhéin John Spillane, atá ag déanamh ceiliúrtha ar a albam nua, in éindí le Pauline Scanlon.

Tabharfaidh Doireann Ní Ghlacáin - ar fidléir agus amhránaí mór le rá í féin a fáisceadh as traidisiún an cheoil agus a bhfuil cáil mhór ar a muintir, muintir Uí Riada agus muintir Uí Ghlacáin - neart eolais dúinn le linn di a bheith ag cur agallaimh ghnaíúla, dhátheangacha ar na ceoltóirí iad féin idir píosaí breátha bríomhara ceoil uathu.

Meascán draíochtúil de cheoltóirí cumasacha, trúbadóirí a bhfuil an domhan mór siúlta acu a bheidh á gcur i láthair sa tsraith Cork Folk Festival, Luka Bloom, Des Dillon, Fiona Kelliher, Edel Fox, Tara Breen, Derek Hickey, Robbie O'Connell, Tara Howley, Richard Lucey agus Jim Murray, Victoria Pierce agus Macdara Ó Faoláin agus Diarmuid Ó Meachair ina measc. Beidh Áine agus Franicis O’Connor Shliabh Luachra chomh maith le hEoiní Maidhcí Ó Súilleabháin agus Jonny Lehane Chúil Aodha páirteach sa chlár freisin. I measc na gceoltóirí óga cumasacha atá ag teacht chun cinn agus a dtabharfar ardán dóibh ar Cork Folk Festival beidh Ciara Murphy, Bríd McMaugh, Mollaí Gaugh agus Cian Smith.

Cork Folk Festival, ag tosú Dé Domhnaigh, 2 Bealtaine ag 9.30 ar TG4.