Labhair bainisteoir Choláiste Lurgan, Mícheál Ó Foighil ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin dara hamhrán atá eisithe acu le Urdd Gobaith Cymru, na Breataine Bige, i gcomhpháirtíocht Cheilteach.

Deir Mícheál go bhfuil muintir na Breataine Bige an-tógtha leis an gcoincheap seo go bhfuil an dá thír agus an dá theanga ag tacú lena chéile agus gur álainn an rud aitheantas a fháil uathu siúd a bhfuil mórmheas ag muintir Choláiste Lurgan orthu.

'Is teanga idirnáisiúnta í an Ghaeilge', agus is léir dó Mhícheál go bhfuil meas ag an mBreatain Bheag ar an teanga anseo in Éirinn agus ar a dteanga féin.

Coláiste Lurgan faoi lán tseoil

Craoltar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9.