Labhair Fachtna Ó Drisceoil ar Thús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin taighde Úna Monaghan ar thionchar na hinscne sa cheol traidisiúnta faoi The impact of gender on participation in Irish traditional music'.

Is iad Máiréad Ní Mhaonaigh, Siobhán Ní Chonaráin agus Séamus Ó Rocháin a labhair faoin ábhar agus a dtaithí leis.

Deir Máiréad go bhfuil sé 'thar am' ag an taighde seo a tháinig amach. Chuir cuid de na scéalta a luadh sa taighde ionadh ar Mháiréad agus deir sí nach féidir an dallamullóg a chur orainn.

Níl saol an cheoil Gaelaigh 'gan smál', a deir Máiréad Ní Mhaonaigh.

Mairéad Ní Mhaonaigh

Tá Séamus Ó Róchain den tuairim gur cheart go mbeadh sé seo ina thús don taighde seo agus go bhféadfaí níos mó a fhoghlaim, dá mbeadh fir i gceist chomh maith sa taighde.

Craoltar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine óna 5