Ómós - Michael D @ 80, Dé Domhnaigh 18 Aibreán 2021 @ 9:30pm

Tabharfaidh TG4 ómós don Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn le clár speisialta uair a chloig chun a bhreithlá a cheiliúradh agus na ceithre scór bainte amach aige.

Beidh roinnt de na filí, amhránaithe, ceoltóirí, scríbhneoirí, smaointeoirí agus damhsóirí is breátha in Éirinn i measc na n-aíonna. Déanfar an tUachtarán, a fhealsúnacht agus a smaointeoireacht pholaitiúil a chomóradh trí ardán a thabhairt do phlúr na n-ealaíontóirí in Éirinn, daoine atá ríthábhachtach dár leis féin.

Seolfaidh duine d'amhránaithe iomráiteacha na cruinne, Van Morrison a bheannacht chuig an uachtarán Micheál D. Ó hUiginn le leagan fíorálainn dá amhrán 'Burning Ground’. Beidh grúpa rithimeach á thionlacann as Béal Feirste agus is é seo an chéad uair le 26 bliana a bhfuil páirt glactha ag Van i léiriú ar chainéal teilifíse Éireannach. Is le déanaí a bhain Tolü Makay, a rugadh sa Nigéir ach a tógadh sa Tulach Mór, cáil amach sna cairteacha lena leagan féin d’amhrán na Saw Doctors, N17. Bhainfeadh sí an anáil díot leis an leagan seo dá singil ‘Don’t Let Go’ a taifeadadh le ceathairéad i dtimpeallacht álainn Chaisleán Ráth Fearnáin i mBaile Átha Cliath.

Tolü Makay

Tá ceangal ceoil ar leith cruthaithe thar na blianta idir Iarla Ó Lionáird agus Steve Cooney. Tá seinnte acu go minic anois don Uachtarán agus iad ar chuid de na ceoltóirí is ansa leis. Tiocfaidh iar-cheoltóirí De Dannan, Frankie Gavin & Máirtín O’Connor le chéile in Amharclann Halla an Bhaile i nGaillimh le ríleanna spleodracha a chasadh chun spreagadh a thabhairt do ghlór chathair na dtreabh. Is siombail cultúir, oidhreachta agus bróid í an chláirseach do mhuintir na hÉireann leis na cianta. Is í an cruitire Laoise Kelly a bhuaigh gradam Ceoltóir na Bliana TG4 2020 agus cuirfidh sise séis ón 17ú haois, ‘Caitlín Triail’, in éineacht le dhá Jig bhreátha i láthair ó ghairdíní Áras Nua-Ealaíne na hÉireann.

Is iad Sibéal Ní Chasaide agus Séamus Ó Flatharta a dhéanfaidh ionadaíocht ar an gcéad ghlúin eile de cheoltóirí. Tiocfaidh an bheirt le chéile ar an gCladach i nGaillimh le leagan d’Óró mo Bháidín. Ní raibh Sibéal ach 16 nuair a tharraing sí aird an phobail uirthi féin. Is í a chas ‘Mise Éire’ ag an gcomóradh céad bliain ar Éirí Amach na Cásca 1916. Bhain Séamus Ó Flatharta agus a dheirfiúr Caoimhe cáil amach ar chlár TG4 Fleadh 2020 lena leagan sainiúil féin den amhrán ar an Sean-Nós ‘Eleanór na Rún’. Tá an físeán sin feicthe ag 300,000 duine ar fud na cruinne. Deir Séamus go bhfuil Imelda May i measc a lucht leanta.

Tiocfaidh an ceoltóir mileoidin agus seaimpín uile Éireann Emma Corbett le chéile le duine de rinceoirí iontacha na hÉireann, Sibéal Davitt chun léiriú a coimisiúnaíodh go speisialta don ócáid a chur i láthair. Cuirfidh sí stíl an tsean-nóis i láthair chun paisean agus gluaiseacht den scoth a thaispeáint.

Thacaigh an tUachtarán riamh le grúpaí atá ar an imeall sa tsochaí. Ní heisceacht ar bith an ceol traidisiúnta ó tharla go bhfuil meas ar leith ag a lucht spéise ar chultúr an lucht siúil. Go deimhin, is iomaí ceoltóir agus amhránaí, a bhfuil an-mheas orthu, ar daoine den lucht siúil iad. Tiocfaidh Paddy Keenan, ón Bothy Band cáiliúil, agus buaiteoir Ghradam Amhránaí na Bliana TG4 2019 Thomas McCarthy le chéile chun leagan taibhsiúil de ‘Donal Kenny’ a chur os ár gcomhair, a léireoidh an scoth de thraidisiún na hamhránaíochta agus na Píbe Uilleann.

I measc na dtráchtairí clúiteacha a beidh ar an gclár beidh iar-Uachtarán na hÉireann Mary Robinson, Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont, Stiúrthóir Amharclann an Druid Garry Hynes, an Scríbhneoir agus Stiúrthóir Darach Mac Con Iomaire, an Seanadóir agus abhcóide Ivana Bacik agus iar-Leas-Uachtarán OÉ, Gaillimh Gearóid Ó Tuathaigh. Tabharfar léargas ar an ngrá atá ag Micheál D. Ó hUigínn don cheol, damhsa, filíocht, teanga, amhránaíocht agus do dhrámaíocht. Tabharfar léargas freisin ar an tacaíocht a thugann sé do ghrúpaí atá ar an imeall sa tsochaí. Léireofar chomh tugtha agus atá sé don chomhionannas, do chearta daonna, do chearta sibhialta, do chearta LADT+, do chearta an lucht siúil, do chearta teanga agus an bhaint a bhí aige leis an gcoimhlint i ndáil le comhionannas inscne ó na 1970idí go dtí an lá atá inniu ann.

Ar lá breithe an Uachtaráin – Dé Domhnaigh an 18 Aibreán 2021 a chraolfar an clár seo ag 9:30in ar TG4 agus ar fud na cruinne ar TG4.ie