Amárach, ar TG4 ar 9.30, craolfar clár faisnéise nua faoi stair chasta Uimhir 6, Sráid Fhearchair, i mBaile Átha Cliath.

Tá a fhios ag gach duine de lucht labhartha na Gaeilge gur in Uimhir 6 Sráid Fhearchair atá príomhoifigigh Chonradh na Gaeilge lonnaithe agus gur ann atá croílár shaol na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Ach níl stair an fhoirgnimh é féin ar eolas ag mórán, stair a thugann léargas spéisiúil ar mar a tháinig athrú ar Bhaile Átha Cliath agus ar Éireann thar na blianta.

Mhair idir feisire i bParlaimint na hÉireann agus reibiliúnaigh, naomh agus fear léinn achrannach fúthu sa teach ó tógadh é. Tabharfar léargas ar an ról a bhí ag Uimhir 6 le linn Chogadh na Saoirse, ar an méid a bhí ar bun ag Micheál Ó Coileáin ann in 1918 agus 1919, agus ar na príomhchruinnithe a reáchtáladh sa teach, an cruinniú ag ar glacadh an cinneadh Dáil Éireann a bhunú ina measc. Is ann a glacadh cinntí móra cinniúnacha lenar bhain iarmhairtí forleathana. Ba ann a bhí tobar na smaointe, na díospóireachta agus na mbeart a chuidigh le saol na hÉireann a mhúnlú.

Forbraíodh Sráid Fhearchair ag deireadh na 1700idí. Ba í Baile Átha Cliath an 6ú cathair ba mhó san Eoraip ag an am, níos mó ná Nua Eabhrac ná Bostúin fiú. Thóg Hans Blackwood mac an Ridire John Blackwood MP an teach in 1786. Bhí Hans pósta le Mehetable Temple, iníon Chaptaen de chuid Arm na Breataine a theith ó na Stáit Aontaithe nuair a bunaíodh iad. Ligeadh an foirgneamh leis an Ollscoil Chaitliceach in 1854 agus bhí reachtaire an choláiste, John Henry Newman, ina cónaí sa teach. Rinne an Pápa Proinsias naomh de John Henry Newman in 2019. Cheannaigh an Bardasach Tom Kelly an foirgneamh do Bhanc Shinn Féin in 1910. Is in san fhoirgneamh a pleanáladh feachtas toghchánaíochta Shinn Féin do olltoghchán na bliana 1918, an chéad toghchán inar tugadh cead do mhná vóta a chaitheamh. An 19 de mhí na Nollag 1918 glacadh an cinneadh san fhoirgneamh Dáil Éireann a bhunú.

Tabharfar léargas sa chlár faisnéise ar stair an fhoirgnimh thábhachtaigh seo i mBaile Átha Cliath agus déanfar sin le hábhar cartlainne nua. Is geall le hiarsma i dtaisceadán todhchaí é an foirgneamh ina gcoinnítear Scéal na hÉireann ón mbliain 1786 go dtí an lá atá inniu ann agus is bealach nuálach é chun an scéal sin a insint ar bhealach pearsanta agus ar bhealach a chuirfidh beocht sa scéal. Nochtfar scéal spleodrach ina bhfuil scéiméireacht agus doimhneacht, feachtais, spiairí, bolscaireacht, leanaí ag teacht ar an saol, póstaí agus an bás féin fiú.

Uimhir 6, 9.30pm, Dé Céadaoin ar TG4.